Is í Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (Béarla: Supreme Court of the United States) an chúirt is airde sna Stáit Aontaithe.
Is cúirt achomhairc í an chúirt uachtarach.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ard-chúirt United States article III court (en) | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1789 | ||||
Article Three of the United States Constitution (en) | |||||
Gníomhaíocht | |||||
Ballraíocht | 9 (1869) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú (1935–) |
| ||||
Uachtaránacht | John Roberts (2005–) | ||||
Chief Justice of the United States (en) | John Roberts | ||||
Le cuid | |||||
Cuid de | United States federal courts (en) | ||||
Suíomh gréasáin | supremecourt.gov | ||||
De réir bhunreacht na Stát Aontaithe tá scaradh iomlán idir an Feidhmeannas (An tUachtarán agus a chuid airí), an Reachtas (An Chomhdháil agus an Seanad), agus na breithiúna. Mar sin tá ról níos lárnaí ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ná mar atá ag Cúirt Uachtarach na hÉireann de bharr gur tír fheidearálach í na Stáit Aontaithe agus gur ag an Chúirt atá an focal deiridh i roinnt na cumhachta idir na stáit éagsúla agus an rialtas feidearálach.
Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe, chomh maith le hochtar breitheamh eile. Ainmníonn uachtarán na tíre na breithiúna. Deimhnítear iad tar éis "comhairle agus comhthoiliú" (vóta tromlaigh) an tSeanaid. Tá na breithiúna ceaptha don saol.
Bíonn ceapachán breithimh go mór i mbéal an phobail i dtólamh de bharr a thábhachtaí is atá an chúirt i saol polaitíochta agus sóisialta na tíre. Tá an nós ann i gcónaí go gceapfadh an t-uachtarán breithimh a mbeadh an fhealsúnacht chéanna acu is atá aige féin - liobrálach i gcás uachtaráin Dhaonlathaigh agus coimeádach i gcás uachtaráin Phoblachtaigh.
Ó aimsir Ronald Reagan i leith tugadh taobh na polaitíochta isteach i ngnóthaí na gcúirteanna. Ach tá an deighilt domhain i láthair na huaire agus bíonn troideanna fíochmhara i dtithe na Comhdhála le linn ceapacháin breithimh..
Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe Chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain.
Féách freisin ː rialú na Cúirte Uachtaraí ar 3 Bealtaine 2022 an ceart a bhíodh ann ginmhilleadh a fháil curtha ar neamhní.
Tagann an chúirt le chéile in Washington, D.C. ag 1 First Street.
Uaireanta úsáidtear an acrainm bhéarla "SCOTUS" le tagairt a dhéanamh di.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.