B'é Franklin Delano Roosevelt (30 Eanáir, 1882 – 12 Aibreán, 1945) an 32ú hUachtarán ar na Stáit Aontaithe ó 1933 go dtí a bhás i 1945.
Bhí sé ina bhall den pháirtí Daonlathach. Bhí ceithre théarma Uachtaránachta ag Roosevelt i ndiaidh a chéile, níos mó ná ag aon uachtarán eile.
Dúirt Roosevelt - agus é ag seasamh don Uachtaránacht sa bhliain 1932 - go dtairgfeadh sé 'New Dea!' do mhuintir Mheiriceá. Dá dtoghfaí é, chuirfeadh an Rialtas scéimeanna ar bun (tógáil bóithre agus dambaí, mar shampla) chun obair a chur ar fáil, a gheall sé ag an am. Thug móramh na Meiriceánach a vóta dó i ngeall ar a pholasaithei Samhain 1932. Cheap a lán de lucht an rachmais i Meiriceá gur bheag ná gur Chumannachas a bhí i gceist agus chuir siad ina choinne
Sa bhliain 1933, ní go furasta a d'áitigh Roosevelt ar an gComhdháil tacaíocht a thabhairt dó, ach mheall a chéad óráid ina láthair a lán díobh ar a thaobh ar an 4 Márta 1933. Is éard a dúirt sé leo, go bunúsach, ná go n-éireodh go breá le Meiriceá arís dá mbeadh daoine ciallmhar agus glacadh leis an saol mar a bhí i ndáiríre. Dúirt Roosevelt
“Is é an t-aon rud ar chóir dúinn eagla a bheith orainn roimhe ná an eagla féin ... Tá na mílte dár saoránaigh dífhostaithe agus fadhb mhór rompu amach .. , gan aon toradh ar a gcuid iarrachtaí ... Ach ní easpa acmhainní is cúis lenár n-ainnise. Tá flúirse i mbéal an dorais againn ach tá ag teip orainn leas a bhaint aisti ...”.
Ceann de scéimeanna Roosevelt ná damba millteanach mór a thógáil ar abhainn na Tennessee chun leictreachas a sholáthar. Tugadh an Tennessee Valley Authority (T.V.A.) ar an dream ar cuireadh cúram a thógála agus a reáchtála orthu.
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Franklin D. Roosevelt, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.