Is ollchomhlacht teicneolaíochta é Meta nó Meta Platforms, Inc, Is le Meta na hardáin dhigiteacha Facebook, Instagram agus WhatsApp a bhfuil tóir ábhalmhór orthu ar fud an domhain.
Is é an meán sóisialta Facebook a phríomhghnó.
Tá na billiúin dollar caite ag Meta ar thogra ollmhór dá gairtear an meiteachruinne nó 'metaverse'.
Bhí 87,000 duine fostaithe ag Meta ar fud an domhain sa bhliain 2022. I mí na Samhna 2022, d'fhógair Meta go raibh siad le 13% den 87,000 duine atá fostaithe acu a ligean chun siúil. Sin 11,000 fostaí san iomlán i dtíortha éagsúla.
Bhain an scéal b'fhéidir leis an rófhás a tháinig sna 2010idí ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta. Ach i mí na Márta 2023, dúirt Meta go raibh sé le 10,000 fostaí eile in ionaid éagsúla ar fud an domhain a ligean chun siúil, agus bhí na scairshealbhóirí sásta leis an fógra sin ag an am.
Sa bhliain 2013, scaoileadh an rún faoin easpa cosanta sonraí nuair a léirigh Edward Snowden - a bhí fostaithe ag an am leis an National Security Agency i Meiriceá – go raibh údaráis na Stát Aontaithe i mbun spiaireachta ar dhaoine ar na meáin shóisialta, a bhuíochas don aistriú sonraí ón AE go SÁM.
Tamall níos déanaí sa bhliain 2013, thug Max Schrems – Ostarach a bhí i mbun feachtais faoi phríobháideachas saoránach – dúshlán cúirte do Facebook ar an mbonn go raibh ag cliseadh orthu a chuid cearta príobháideachais a chosaint.
Tar éis blianta fada cur agus cúiteamh sna cúirteanna, chuir an Chúirt Bhreithiúnas Eorpach ar neamhnaí an "Sciath Phríobháideachais" – an socrú sa dlí faoi aistriú sonraí a bhíodh i bhfeidhm idir an tAE agus SÁM.
Sna 2020idí, bhí conradh nua faoi aistriú sonraí aontaithe idir an dá bhloc á phlé.
Sa bhliain 2023, bhí €1.2 billiún d'fhíneáil gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar Meta faoin dlí a shárú agus Meta ag aistriú sonraí pearsanta ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí Meta ag lorg achomharc ar an gcinneadh agus níor íoc siad pingin ar bith go fóill.
Mar chuid de bhreithiúnas an Choimisiúin, bhí ordú faighte ag Meta aistriú sonraí ón AE go SÁM a chur ar fionraí, ach bhí 5 mhí acu géilleadh don ordú sin. Bhí 6 mhí faighte ag Meta chun deireadh a chur leis an gcleachtas ag an gcuideachta sonraí pearsanta lucht úsáidte san Eoraip a phróiseáil agus a stóráil go mídhleathach i Meiriceá ar an mbonn gur sárú é ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).
Rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúcháin faoi na huirlisí dlí a bhíonn á n-úsáid ag Meta le sonraí lucht úsáidte Facebook a aistriú go Meiriceá. "Gnáthchlásail conartha" a thugtar ar na huirlisí sin. Ach rialaigh an Coimisiún nach leor iad le seasamh in aghaidh na rioscaí atá ann do chearta bunúsacha agus saoirse bhunúsach daoine agus a gcuid sonraí.
Rialaigh an Coimisiún in Éirinn ar dtús báire nach mbeadh fíneáil i gceist. Ach d’easaontaigh rialaitheoirí eile ar an MórRoinn leis sin agus i ndeireadh na dála rialaigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go ngearrfaí fíneáil ar Meta.
Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú Eorpach Meta. Bhí 3,000 díobh sin ag obair go díreach don chomhlacht in Éirinn ag tús 2022, agus bhí breis is 6,000 duine eile a oibríonn le comhlachtaí eile a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil dó. I dtús na bliana 2023, ní raibh ann ach 2,600 i mBÁC agus d'fhógair Meta go raibh an comhlacht le thart ar 490 fostaí eile in Éirinn a ligean chun siúil.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Meta Platforms, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.