Luas An Tsolais

Tairiseach fisiciúil é luas an tsolais san fholús, agus é tábhachtach ina lán brainsí eolaíochta.

Is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí matamaitice ná c, agus is ionann é agus 299,792,458 méadar in aghaidh an tsoicind. Is luach cruinn é seo, nó is de réir na huimhreach seo a shainítear an méadar mar aonad faid.

Teoiricí

Deir Teoiric Speisialta Coibhneasachta Albert Einstein gurb é luas an tsolais uasmhéid an luais is féidir d'aon rud - fuinneamh, damhna nó faisnéis - a shroicheadh agus iad ag taisteal san ollchruinne. 'Ós é luas an tsolais é, is é luas na gcaithníní gan mhais agus luas na radaíochta a bhaineann leo - is é sin, luas na radaíochta leictreamaighnéadaí. Glactar leis freisin gurb é luas na himtharraingthe - luas na dtonnta a iompraíonn an imtharraingt. De réir theoiric na coibhneasachta, is ionann luas an tsolais dar le gach breathnóir, cé gur féidir go bhfuil na breathnóirí seo ag druidim i dtreo a chéile nó ag gluaiseacht ar shiúl ó chéile. Mar sin caithfidh na toisí go léir athrú agus dul as a riocht lena chinntiú gurb ionann luas an tsolais: tá siad coibhneasach, ach is rud absalóideach é luas an tsolais.

An réad atá ag taisteal níos moille ná an solas, deirtear go bhfuil sé ag déanamh turas amchosúil. An radaíocht a bhfuil luas an tsolais san fholús, c, fúithi, deirtear go bhfuil turas solaschosúil á dhéanamh aici. Tugtar turas áitchosúil ar an tríú rogha, is é sin, sárú luas an tsolais, ach de réir na tuisceana atá ag na heolaithe ar na cúrsai seo, ní féidir le haon réad fisiciúil turas áitchosúil a chur de. Tagraíonn an focal taiceon do na cáithníní a bhíonn ag taisteal níos luaithe ná an solas, ach níl sna taiceoin faoi láthair ach smaoineamh teoiriciúil: is féidir leis na fisiceoirí tuairimíocht a dhéanamh faoi shaintréithe na dtaiceon agus iad ag dul i muinín na matamaitice, ach is deacair a rá an mbeidh an cine daonna in ann choíche sonrú a chur in aon taiceon. De réir theoiric Einstein, dá mbeadh taiceoin ann, go mbeidís ag gluaiseacht sa treo contráilte san am, is é sin, ón todhchaí go dtí na laethanta a bhí, agus nach bhféadfaimis sonrú a chur sa taiceon ach i ndiaidh dó dul thart - agus go bhfeicfimis dhá phictiúr den taiceon ansin, ceann acu ag dul ar aghaidh agus an ceann eile ag dul ar ais.

I dteoiric na coibhneasachta socraíonn luas an tsolais comhghaol an spáis agus an ama, agus feictear c sa chothromóid chlúiteach úd E = mc2, a thaispeánann an fuinneamh (E) a fhreagraíonn do mhais (m) áirithe.

Cé nach féidir le haon réad luas an tsolais san fholús a shárú, is féidir le cáithníní fo-adamhacha ar nós prótóin, neodróin nó leictreoin luas an tsolais i meán trédhearcach, cosúil leis an aer nó leis an ngloine, nó maolaíonn ábhair den chineál sin ar an solas. Is féidir luas an tsolais i meán a áireamh de réir na cothromóide seo:

    n = c/v

Is ionann:

  • n agus comhéifeacht athraonta an mheáin
  • c agus luas an tsolais san fholús
  • v agus luas an tsolais sa mheán

Má bhíonn cáithníní a bhfuil lucht leictreach acu ag gluaiseacht sa mheán níos luaithe ná an solas, tiocfaidh luisne sa mheán, agus é ag astú radaíocht Cherenkov. Mar shampla, is gnách luisne ghorm den chineál seo a aithint taobh istigh d'imoibreoir núicléach. Is é is cúis leis an luisne seo ná leictreoin agus iad ag gluaiseacht sa mheán níos luaithe ná an radaíocht leictreamaighnéadach.

Tags:

EolaíochtFoirmle

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

An TatarstáinBradán feasaAmhrán na bhFiannGreta ThunbergSaratovMao ZedongCú FaoilUnder ArmourFrancisco PizarroBéarlaNaomh PádraigAimsitheoir Aonfhoirmeach AcmhainneOifig Feidearálach an ImscrúdaitheRéalteolaíochtGeorgia (stát S.A.M.)AmhasDeartháireacha WrightAn TéalainnisAimsir na bliana 2023MonaisiúicrídAn Chrois, Contae Mhaigh Eo (Cill Mheáin)Comhdháil Náisiúnta AfracachAn Chartaig ÁrsaAilbhe Ó MonacháinRáth MaonaisEolaíNa scannáin is mó a thug airgead isteachCeardchumannSiombailRonan O'GaraCath an SommeTeach na dTeachtaí, An Ríocht AontaitheAirgeadasLitríocht na hÉireannMarie Antoinette na hOstaireGeorg Wilhelm Friedrich Hegel1955Adolf HitlerCiclipéidStílbhileoga cascáideachaLitriú na GaeilgeÉirí Amach na CáscaChristy MooreLouisa HarlandCogadhCú ChulainnAcinetobacter baumanniiOwen MacSéarlas II, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlbanAn BéarlaJoe Steve Ó NeachtainGlacaireachtGalileo GalileiGormBásCoimhlint Iosrael-Hamas, 2023An fearann poiblíPríomhleathanachCLG Chontae Bhaile Átha CliathMód, meán, airmheánDrumaEolaíocht nádúrthaAn GhearmáinGluaiseacht (úrscéal)Ógie Ó CéilleachairNewt GingrichBlagFloridaInis TuaisceartGnóisíochash102yCoireanna cogaidh na BreataineRaúl Castro🡆 More