Chuir na Náisiúin Aontaithe tús le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha sa bhliain 2008 le héagsúlacht chultúrtha agus teangacha agus an t-ilteangachas a chur chun cinn.
Roghnaíodh an 21 Feabhra in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis sa bhliain 1952.
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Ainmnithe in ómós | teanga dhúchais |
Comóireann sé | teanga dhúchais |
Bailíocht | 2000 - |
Lá | 21 Feabhra |
Fógairt | 17 Samhain 1999 |
Eagraí | na Náisiúin Aontaithe agus EOECNA |
Suíomh gréasáin | un.org… |
Leagann Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) béim faoi leith ar fhorbairt an oideachais ilteangaigh ar fud an domhain ar an lá seo.
Bítear ag súil go gcuirfear cainteoirí mionteangacha in aithne dá chéile ar fud an domhain le linn an fheachtais agus go n-ardófar feasacht ar theangacha atá i mbaol báis.
Ar cheann de himeachtaí is feiceálaí a bhíonn ar siúl ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha, tá an feachtas Twitter, Tweet Mother Language. Iarrtar ar chainteoirí mionteangacha giolcacha a chur amach sa teanga sin ar feadh an lae chun éagsúlacht chultúrtha agus teangacha timpeall an domhain a cheiliúradh.
Iarrtar ar dhaoine ar Twitter a bhfuil Gaeilge acu a fhógairt don saol mór cén fáth a gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a úsáid ar líne agus na nathanna cainte, seanfhocail agus focail is fearr leo a ghiolcadh (moltar do Ghaelghiolcairí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #MotherLanguage agus #Gaeilge).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha (21 Feabhra), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.