Is lá saoire poiblí é Tag der Deutschen Einheit, nó Lá Aontais na Gearmáine, ar a ndéantar ceiliúradh ar imeachtaí a chuir deireadh le críochdheighilt a mhair breis agus daichead bliain (1949-1990).
Athaontaíodh an Ghearmáin ar 3 Deireadh Fómhair 1990. Is ar an 3 Deireadh Fómhair gach bliain a thiteann an lá saoire seo. anois
Lipéad sa teanga dhúchais | (de) Tag der Deutschen Einheit |
---|---|
Cineál | saoire phoiblí lá náisiúnta de an Ghearmáin |
Ainmnithe in ómós | German reunification (en) |
Comóireann sé | German reunification (en) |
Lá | 3 Deireadh Fómhair |
Tír | an Ghearmáin |
Haischlib | #TagderDeutschenEinheit |
Nuair a mhol ceannairí cumannacha na Gearmáine Thoir cur faoi chois fuilteach lucht agóide i gCearnóg Tiananmen sa tSín i 1989, bhí imní ar mhórán go mbeadh fuil á doirteadh i mBeirlín sula ngéillfí. Faoi mar a tharla, níor maraíodh oiread agus duine agus an daonlathas á bhunú agus an tír á haontú.
Bhreathnaigh daoine ar an dá thaobh den teorainn a roinn an Ghearmáin ina dhá cuid go dtí 1990 orthu féin mar Ghearmánaigh. Mar sin buaileadh bille mór millteach cánach ar na cáiníocóirí san Iarthar (an 'Solidaritätszuschlag', formhuirear 5.5% ar ioncaim); bhí siad ag íoc as an athaontú suas go dtí 2020.
Sa bhliain 1996, ag comhchruinniú de thithe an Oireachtais, ghabh Seansailéir Helmut Kohl na Gearmáine buíochas le hÉirinn as ucht athaontú a thíre a bhrostú. Thagair sé don tacaíocht láidir ón AE a mhol an Taoiseach Charles Haughey le linn tréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an Aontas sa chéad leath de 1990. Níor theastaigh athaontú gan mhoill sa Ghearmáin ón bhFrainc ná ón Ríocht Aontaithe (bhainfí an bonn den tseasmhacht idirnáisiúnta, a dúirt príomh-aire na Breataine Margaret Thatcher ag an am) ach níor aontaigh móramh na mballstát leo.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Lá Aontais na Gearmáine, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.