Sliabh in iarthar Chontae Mhaigh Eo, os cionn Chuan Mó, is ea Cruach Phádraig, i mBéarla Croagh Patrick nó The Reek (ón fhocal cruach).
Cineál | Sliabh | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 114135 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Mhaigh Eo, Éire | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 764 m | |||
Starraiceacht thopagrafach | 640 m | |||
Tá an sliabh 762m in airde. Tá Binn Ghorm thiar dó.
Tugadh Cruachán Aigle (< aicil < Laidin aquila 'iolar', agus Fraincis, aigle) air sa mheánaois is cosúil.
Tá cnocán i láthair ar an sliabh. D’fhéadfadh gur cosaint ón gCré-umhaois é seo. Rinne seandálaithe é a thochailt ach ní raibh siad in ann dáta radacarbóin a fháil.
De réir an tseanchais chaith Naomh Pádraig Carghas na bliana 441 anseo ag guí agus ag troscadh.
Deirtear gur chaith Naomh Pádraig daichead lá ar an sliabh ag guí sa chúigiú chéad. Deirtear freisin gur ruaig Naomh Pádraig na nathracha nimhe agus créatúir nimhe eile as Éirinn ó bharr na cruaiche.
Láthair oilithreachta atá ann leis na céadta bliana. Mar aithris ar Naomh Pádraig, tá na mílte ag dreapadh na cruaiche, iad cosnocht go minic.
Bíonn oilithreacht Dhomhnach na Cruaiche ann (Garland Sunday nó Reek Sunday i mBéarla) ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil gach bliain. Glacann na scórtha míle duine páirt san oilithreacht.
Tá séipéal beag ar bharr an tsléibhe, a tógadh sa bhliain 1905. Ceiliúrtar an tAifreann gach cúpla Domhnach sa samhradh, agus go háirithe ar 15 Lúnasa agus Domhnach na Cruaiche.
Thángthas ar seam óir sa sliabh sna 1980idí
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cruach Phádraig, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.