Is éard atá i gceist leis an Mheánaois ná an tréimhse idir an tSeanaois Chlasaiceach (is é sin, ré na Sean-Róimhe agus na Sean-Ghréige) agus an Nua-aois (an Renaissance agus ar tháinig ina dhiaidh).
Thosaigh an Mheánaois faoi lár na chéad mhílaoise i ndiaidh bhreith Chríost (~500 AD) agus tháinig deireadh léi míle bliain níos déanaí (~1500 AD), i ré an Renaissance agus an Reifirméisin. I dtús na Meánaoise, chaill Impireacht na Róimhe a seantábhacht, agus scoilteadh ina dhá leath í. Ba iad na stáitíní beaga feodacha a tháinig chun tosaigh ansin, agus an Eoraip go léir lán pobail bheaga agus treibheacha - Teotanaigh, Rómánsaigh, Ceiltigh, agus Slavaigh. Bhí sochaí na Meánaoise dealaithe ina haicmí a raibh teorainneacha soiléire eatarthu, agus b'í an Eaglais Chríostaí croílár an chultúir, an léinn agus na litríochta. In Iarthar na hEorpa, bhí an Laidin á saothrú mar chomhtheanga chultúrtha. Maidir leis an eacnamaíocht, bhí sí bunaithe ar an seirfeachas agus ar an bhfeodachas.
Cineál | age (en) tréimhse stairiúil |
---|---|
Tréimhse | 476 - 1500í |
Suíomh | An Eoraip |
Le cuid | |
Sa lá atá inniu, is fearr le staraithe agús a chur leis an réab idir an seansaol agus an Mheánaois agus ionas go mbíonn idir an tríú agus ochtú haois tréimhse a tugtar, go minic, an tSeandacht Dhéanach air, a bhí ina aistriú mór i ngach réimse: i réimse na heacnamaíocha leis an modh daortáirgthe in ionad an mhodha fheodach; i réimse sóisialta, le dul as radharc coincheap na saoránachta Rómhánaí agus sainmhíniú na n-eastát meánaoiseanna, go polaitiúil le chliseadh ar struchtúir láraithe Impireacht na Róimhe agus dá bharr sin, d'eascair scaipeadh na cumhachta (nó na díláraithe); agus i réimse na idé-eolaíocha agus an chultúir, ionsú agus malartú an chultúir chlasaicigh i gcomhair na gcultúr dialárnach Críostaí nó Ioslamach (gach ceann ina spás féin).
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Mheánaois, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.