Foghrúpa de na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Rómánsacha a tháinig ar an bhfód nuair a thit na leaganacha éagsúla den Laidin as a chéile ar fud iarsmaí Impireacht na Róimhe.
Labhraíonn seacht gcéad milliún duine teangacha den chineál seo ar fud an domhain - san Eoraip chomh maith leis na hiar-choilíneachtaí Eorpacha sna hilchríocha eile.
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Úsáid | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Iodáilice | |
Tréithe | |
Staidéar ag | Romance studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-2 | roa |
ISO 639-5 | roa |
Glottolog | roma1334 |
IETF | roa |
Níl na teangacha Rómánsacha bunaithe ar an Laidin Chlasaiceach, an teanga a bhí á saothrú ag leithéidí Iúil Caesar agus Marcus Tullius Cicero, ach ar an ngnáthchaint i mbéal na saighdiúirí sna léigiúin Rómhánacha. Mar sin, is iomaí focal Clasaiceach nár mhair ar aon nós sna teangacha Rómánsacha. Bhí córas na ndíochlaonta an-simplithe sa Laidin Choitianta i gcomparáid le teanga ghalánta na litríochta freisin. Níl na teangacha Rómánsacha cosúil leis an Laidin Chlasaiceach ó thaobh ord na bhfocal de ach an oiread. Is é an t-ord focal atá sna teangacha seo ná SVO (ainmní - briathar - cuspóir), ach is é ord focal na Laidine Clasaicí ná SOV (ainmní - cuspóir - briathar): Marcus Tulliam amat "tá Marcus i ngrá le Tullia", a deirtear as Laidin, ach is é an leagan Spáinnise ná Marco ama a Tulia (nó Marco quiere a Tulia).
Is iad na teangacha Rómánsacha is tábhachtaí ná an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Fhraincis, an Iodáilis, an Rómáinis agus an Chatalóinis. Tá cuid mhaith teangacha agus canúintí gaolmhara á labhairt ar fud dheisceart na hEorpa agus iad ar beagán cainteoirí i gcomparáid leis na mórtheangacha seo, mar shampla An Rómainis san Eilvéis agus an Laidinis atá labhartha i dtuaisceart na hIodáile.
Tá a leithéid ann agus Appendix Probi, liosta focal ón tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost a mholann d'fhoghlaimeoirí na Laidine scríofa focail mhíchearta áirithe a sheachaint agus ceartfhoirmeacha a úsáid ina n-áit. Ceann de na moltaí sa liosta is ea "VETULUS NON VECLUS", is é sin "[scríobh] vetulus seachas veclus". Díol suntais é go raibh an tseanaidiacht úd vetus imithe as úsáid ar fad san am seo, de réir dealraimh.
Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Teangacha Rómánsacha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.