Ábhar ceimiceach atá dochrach don cholainn má ionghabhtar, ionanálaítear nó instealltar é.
Is féidir go dtarlóidh an damáiste ar bhealaí éagsúla, go díreach ainsealach nó de réir a chéile thar am le nochtadh arís is arís eile. Is féidir gur ábhar saorga í, dúil nádúrtha, nó ábhar orgánach a dhíorthaítear ó bhaictéar, ainmhí nó planda. Cuid mhaith drugaí atá teiripeach sna dáileoga cearta, is nimhiúil iad i ndáileoga iomarcacha. Samplaí is ea aonocsaíd charbóin (a chuireann bac ar iompar ocsaigine ag an bhfuil má ionanálaítear í), ciainíd, stricnín is arsanaic (a úsáideadh ó am go chéile go fealltach), paraicéiteamól (a dhéanann damáiste don ae le dáileoga iomarcacha), agus luaidhe (a dhéanann damáistí éagsúla do pháistí nuair a fhulaingíonn siad nochtadh fadaithe).
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Nimh, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.