Neamhord ainsealach leadránach san ae, ina milltear cealla an ae, agus a dtagann fíocháin cholmnacha (fiobróis) ina ndiaidh, is ea ciorróis.
Má leanann an aicíd ar aghaidh, teipeann an t-ae le buíochán, rith fola, bailiú sreabháin i gcuas an pheireatóinéim sa bholg, agus i ndeireadh báire cóma is bás.
Is é an chúis is coitinne leis ól fada leanúnach iomarcach alcóil. Ach is féidir go dtarlóidh sí mar thoradh ar neamhord uath-imdhíonachta, príomhchiorróis dhomlasach, bac sa chomhchonair dhomlasach (le calcalais domlais, mar shampla), nó ionfhabhtú víreasach (le heipitíteas B nó C, mar shampla).
Is féidir le haemacrómatóis oidhreachtúil bheith mar chúis le fadhbanna tromchúiseacha sláinte, ciorróis mar shampla.
Taispeánann taighde go bhfuil cealla faoi leith – gaschealla ina bhfuil neart teiliméaráise – san ae agus má chailltear iad nach mbeidh an t-ae in ann é féin a athnuachan ná feidhmiú i gceart.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ciorróis, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.