Staid ina mbíonn duine spleách ar alcól, nó fadhbanna sláinte mar gheall ar alcól, is ea Alcólachas.
Tugann an téarma le tuiscint go bhfuil déscaradh idir staonadh is ól measartha ar thaobh amháin, agus daoine a ólann an iomarca ar an taobh eile, agus fadhbanna sláinte acu dá bharr.
Cineál | mí-úsáid alcóil, dependence syndrome (en) agus substance use disorder (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | síciatracht, medical toxicology (en) , síceolaíocht, vocational rehabilitation (en) agus narcology (en) |
Cóireáil chliniciúil | |
Cóireáil | síciteiripe agus cognitive behavioral therapy (en) |
Pataigineas | |
Buaileann sé | duine fásta, leanbh agus déagóir |
Cúis | alcohol consumption (en) |
Éifeacht | Marchiafava-Bignami disease (en) , ciorróis, alcohol amnestic disorder (en) agus cliseadh croí |
Aicmiú | |
ICD-10 | F10 |
ICD-9 | 303 |
CIAP | P15 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0076481 |
OMIM | 103780 |
DiseasesDB | alcoholism |
MedlinePlus | 000944 |
MeSH | D000437 |
UMLS CUI | C0001956 agus C0001973 |
Tá go leor fadhbanna a bhaineann le halcól, mar shamplaː
Tarlaíonn mí-úsáid alcóil i ngach aicme shóisialta ach, de réir dealraimh, bíonn daoine atá ag fulaingt imní nó dúlagair claonta leis an alcól thar aon dream eile.
Léiríonn na staitisticí go bhfuil méadú le blianta beaga ar chaitheamh alcóil, agus ar an líon mná tí, daoine óga is daoine as obair go háirithe a dtuairiscítear a bheith claonta le mí-úsáid alcóil.
Bhí Éire ar cheann de na cúig thír is mó caitheamh san Aontas Eorpach ó thaobh caitheamh alcóil de i 2015, agus úsáid alcóil ar bhonn per capita is mó sa domhan beagnach. De réir suirbhé ón OECD, tá Éire ar ceann de na tíortha is measa ó thaobh an ragús óil.
Sa Bhille Sláinte Poiblí (Alcól), 2015, bhí sé mar aidhm aige meánchaitheamh alcóil sa bhliain in Éirinn a laghdú ó 11 lítear an duine go 9.1 lítear an duine faoin mbliain 2020. Ach tá caitheamh alcóil fós ag méadú ó shin.
Tá an t-eolas is fearr in Éirinn le fáil ar "Ask about Alcohol", ó HSE.ie. Tá suíomh ann in Éirinn, drinkaware.ie, le go leor eolais, as Gaeilge chomh maith leis sin, Ach cuireann tionscal na dí airgid ar fáil dón suíomh.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Alcólachas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.