Síciatracht

Is é atá sa síciatracht ná an chraobh den leigheas a bhaineann leis an meabhair agus le galar meabhrach nó galar intinne.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisSíciatracht
Síciatracht cuir in eagar
MeSHD011570 Cuir in eagar ar Wikidata
Síciatracht
Siomból

Tugtar síciatraí ar dhochtúir leighis a chleachtann síciatracht.

Tugtar síceolaí ar dhuine a traenáladh i ngnáth-shíceolaíocht agus i síceolaíocht galra meabhrach, de ghnáth gan traenáil sa leigheas. Tugtar néareolaí ar dhochtúr leighis a chleachtann le hothair a bhfuil galra néaracha orthu nach gnáthach galra intinne a thabhairt orthu, m.sh. titimeas, galar Parkinson, nó stróc.

Seachas galar meabhrach ar nós scitsifréine nó mire thaghdach, bíonn freastal ag síciatrithe orthu siúd a mbíonn trioblóid míshuaimhneachas, trioblóid clainne, pósta nó cúpla orthu, chomh maith leo siúd a mbíonn dementia (gealtachas le cailliúnt scileanna agus cuimhne) nó mallintinneacht orthu.

Déanann síciatrigh áirithe speisialtiacht le hobair le gasúir agus leanaí, le sean-aoisigh, leo siúd a bhfuil trioblóid acu a bhaineann le drugaí nó le biotáille, nó leo siúd atá i dtrioblóid leis an dlí. Déanann cuid eile speisialacht ag obair le daoine a bhfuil tinnis coirp orthu, nó leo siúd atá i ndiaidh bheith i dtionóisc nó a raibh meall san inchinn acu a rinne dochar don inchinn.

Stair

Cuireadh tús leis an gcóras rangú atá inniu againn ag deireadh an 19ú haois, nuair a rinne Kraepelin na Gearmáine idirdhealú idir mire thaghdach agus dementia praecox. Is éard atá i gceist le dementia praecox ná meabhairghalar a thosaíonn go luath agus lena dtéann an duine i léig de réir a chéile, go minic le mealladh (delusion an Bhéarla) nó bréagchéadfaí (hallucinations an Bhéarla). Cuireadh leis an obair seo nuair a scríobh faoin hebephrenia agus Kahlbaum faoin katatonia. Freisin, rinne Schneider cur síos an-úsaideach ar siomptaim an dementia praecox, cur síos a húsáidtear go dtí an lá atá inniu ann. scitsifréine (Schizophrenia) an t-ainm a thugtar inniu ar an gcuid is mó díobh siúd a mbíodh dementia praecox orthu.

Ba á Sigmund Freud a chuir an sícanailís ar bun i Vín na hOstaire ag tús an 20ú Aois, córas teiripe a bhí an-tábhachtach i bhforbairt na síciatrachta, agus a bhaintear feidhm fós as, go háirithe ag teiripeoirí agus ag dochtúirí príobháideacha.

Ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, ní raibh mórán leigheas cheart ar mheabhairghalar, ach an duine a bhí tinn a chur in ospidéal nó in institiúid eile. Ach 'sna 1950aí, thángthas ar chlórprómaisín, nó Largactil, sa bhFrainc, an chéad cheann des na drogaí frith-mhire, agus chuir sé sin athrú mór ar chleachtadh an síciatracht.

In Éirinn

In Éirinn, i ndiaidh traenála ghinearálta san ollscoil i ndámh an leighis, is gá traenál ar feadh 4-6 bhliana sa bhreis agus scrúdaithe Choláiste Ríoga na Síciatraithe a phasáil chun cleachtadh mar chomhairlitheoir síciatrach.

Tagairtí

Tags:

GalarLeigheasNeamhoird mheabhracha

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Samhail Tagartha OSIDuddestonAn IndinéisDOIAmhas1939Birmingham, AlabamaHenry FordLeo VaradkarTuaisceart ÉireannAn ProtastúnachasMobyAn PartanónCaitríona II na RúiseAn VicipéidValladolidMaoin (Cill Dara)Earrach na nArabachDara Cogadh DomhandaJiohádTeileachumarsáidUSENETCoccymys albidensDiobúitíPenélope CruzVicipéid27 MártaNítriginArm Phoblacht na hÉireann (APÉ)Ard-Deoise Chaitliceach New OrleansDearadh intíLíomhánMaureen PotterSvaisticePhilip Seymour HoffmanDiúscairt fuíllRidley Scott30 MeitheamhThe BeatlesCarolina ThuaidhMozilla FirefoxDennis Cockrum21 Meán FómhairBéal FeirsteGoogleDomhnachBaltimore, MarylandSan FranciscoAda LovelaceEukaryotaLitríocht na SeapáineJustin BieberSliabh LuachraCúmánaighBratach na hÉireannGeorg Wilhelm Friedrich HegelLiosta daoine as an mBreatain BheagCothromóidNico RosbergShakiraWinston ChurchillFileolaíochtFarraigeCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2014SólReese WitherspoonAn ChianaoisSóisialachasMaimonidesPlandálacha na hÉireannLitir Naomh Pól chuig na Galátaigh🡆 More