Tá an t-athrú aeráide san Eoraip ag géarú ar a luas ná sa chuid eile den domhan.
Tá an Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda ó 2002 ar aghaidh.
Foilsíodh an tuarascáil, An Aeráid san Eoraip 2022, i mBaile Átha Cliath ar 19 Meitheamh 2023 agus tús á chur ansin leis an séú Comhdháil Eorpach um Oiriúnú don Athrú Aeráide. An Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) i gcomhar le Seirbhís Copernicus an Aontais Eorpaigh ar an Athrú Aeráide (C3S), a réitigh an tuarascáil.
Sa tuarascáil seo, deirtear go raibh an teocht ar mhór-roinn na hEorpa thart ar 2.3 céim celsius níos teo in 2022 thairis mar a bhí an mheánteocht roimh ré na tionsclaíochta. Deirtear gur mór an sárú sin ar an 1.5 céim a ceapadh mar an uasteocht faoina gcaithfí téamh an domhain a choinneáil faoi. (Ar chomhairle na n-eolaithe socraíodh 1.5 céim celsius mar an t-ardú domhanda is mó ar an teocht a bhí sa domhan idir 1850 agus 1900 chun go bhféadfaí na hiarmhairtí is measa ar an athrú aeráide a sheachaint.).
Ba í an bhliain 2022 an bhliain ba theo ar an taifead in Éirinn, sa Bheilg, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, i Lucsamburg, sa Phortaingéil, sa Spáinn, san Eilvéis agus sa Bhreatain. Bhí níos lú báistí ná an meán i gcuid mhór den Eoraip in 2022. Cailleadh 880 km3 d’oighear in oighearshruthanna na hEorpa idir 1997- 2022, agus laghdú 34 méadar ar an meán ó thaobh thiús an oighir a bhí i gceist sna hAlpa, an áit ba mheasa a buaileadh.
De réir na tuarascála WMO 2022, tá rian á fhágáil níos mó ná riamh ag an adhaimsir ar chóras fuinnimh na hEorpa.
Léiríodh taighde de chuid ISGlobal gur mharaigh teas an tsamhraidh 2022 61,000 duine san Eoraip, an samhradh ba theo a taifeadadh go dtí 2022 (ach maraíodh an tonn teasa sa bhliain 2003 70k). Chonacthas triomach, toinn teasa agus falscaí a chuaigh ó smacht. Idir and 30 Bealtaine agus an 4 Meán Fómhair 2022 a comhairíodh na básanna. An Iodáil, An Spáinn agus an Ghearmáin na trí thír ba mheasa a buaileadh.
Bhí an teas mór san Eoraip in 2022 ar cheann de na cúiseanna ba mhó leis na básanna breise de dheasca na haimsire san Eoraip. Tá an brú óna leithéid ag éirí níos coitianta agus níos measa ar fud na hEorpa de réir a chéile.
Sa bhliain 2022, den chéad uair gineadh san AE níos mó leictreachais ó fhuinneamh gaoithe agus gréine ná mar a gineadh ó bhreoslaí iontaise. Ach caithfear gearradh siar go mór ar úsáid breoslaí iontaise fós.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Athrú aeráide san Eoraip, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.