Tá leibhéil an CO2 san atmaisféar chomh maith leis na harduithe sna meánteochtaí domhanda níos airde anois ná am ar bith le 650,000 bliain.
Tá athruithe móra i ndán dá bharr, in Éirinn agus thar lear, do chúrsaí oibre, taistil, tomhaltais, seirbhísí agus dramhaíola.
Léiríonn na figiúirí ó Met Éireann don tréimhse 1961-2020 go bhfuil Éire ag éirí níos teo, agus go bhfuil níos mó báistí ann. Agus beidh cúinsí neamhghnácha aimsire ann níos minice – bíodh sin teas mór, báisteach throm nó gálaí gaoithe.
Idir 1991-2020 ar an meán, ba é teocht an aeir in Éirinn ná 9.8°C agus na ceantair cois cósta níos teo ná talamh crochta. Sin le rá gur 0.7 céim Celsius d’ardú a tháinig ar an meánteocht in Éirinn ón tréimhse 1961-1990.
An áit a bhfuil teas beidh gal agus ní haon iontas mar sin gur tuilleadh fliuchrais a thagann leis an téamh. Ar an meán thit 7% níos mó báistí ná mar a bhí in Éirinn ó 1961-1990, agus an t-ardú is mó san iarthar agus sa tuaisceart. Mí Iúil is suntasaí a bhí an t-athrú sin ar an meánmhéid báistí mar ar tháinig ardú 22% ar bháisteach na míosa sin.
D'fhoilsigh an Rialtas in Éirinn plean amháin sa bhliain 2017 agus ansin plean eile sa bhliain 2021, 'Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide'. Faoi Phlean 2021, bhí sé mar aidhm ag an Rialtas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoin mbliain 2030.
Cuireadh go láidir i gcoinne an phlean seo sa bhliain 2022. Bhí easaontas mór idir páirtithe an Rialtais faoi cén sprioc ba cheart a bheith ann d’fheirmeoirí. Dúradh sa phlean ar dtús go gcaithfeadh feirmeoirí a gcuid astuithe a laghdú idir '22-30%' sna 'blianta' atá romhainn. Ach sprioc neamhbheacht a bhí ann ag an am. I mí Iúil 2022, bhí sé socraithe ag an Rialtas laghdú 25% a lorg ar astaíochtaí carbóin san earnáil talmhaíochta faoin mbliain 2030, comhghéilleadh idir costas agus astaíochtaí.
Fógraíodh beartais éagsúla in Éirinn le feirmeoirí a spreagadh a gcuid talún á úsáid ar bhealaí nua (polasaithe na láimhe dofheicthe). Ach thar lear, i gcodarsnacht leis sin, tugadh bearta sriantacha isteach, mar shampla cuótaí ciondála san Ísiltír agus sa Bheilg.
I mí an Mheithimh 2022, bhí sé tugtha le fios ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Éire (GCC) go gcaithfear pleananna agus polasaithe aeráide uile na hÉireann a chur i bhfeidhm go pras má tá Éire a spriocanna maidir le hastaíochtaí gás a bhaint amach. Dúirt an GCC go bhfuil bearna ollmhór idir uaillmhian agus ghníomh, ainneoin an aidhm astaíochtaí a laghdú 51% a bheith ina ceangal docht dlí. Má leantar den tsiléigeacht, ní bheidh bainte amach faoin mbliain 2030 ach laghdú 28%.
Tarraingítear aird ar an earnáil talmhaíochta thar aon earnáil eile sa tuarascáil de chuid an GCC ós í atá freagrach as an gcuid mó d'astaíochtaí. Deirtear go gcaithfidh feirmeoirí agus táirgeoirí eile na hearnála talmhaíochta i bhfad níos mó a dhéanamh le hastaíochtaí meatáin agus gás ceaptha teasa eile a laghdú.
Bhí sé ráite ag an nGCC sa bhliain 2017 go raibh ag teip ar pholasaithe an rialtais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus go dteastaíonn beartais nua, le go mbeidh an tír seo in ann laghdú a chur ar an truailliú. Ní raibh ach 20% den sprioc a bhí socruithe ag an rialtas bainte amach faoin mbliain 2020 (roimh Covid).
Tháinig laghdú ar astaíochtaí le linn na paindéime Covid-19 mar go raibh gnóthais dúnta agus go raibh daoine ag fanacht sa bhaile nó gar do bhaile. Tháinig deireadh leis sin sa bhliain 2021/2022 agus thosaigh ag dul sa treo mícheart arís.
I bPáirc an Fhionnuisce, cláraíodh an teocht is airde i mBaile Átha Cliath riamh, 33.0 céim Celsius, ar 18 Iúil 2022 ( 20.1°C ar an meán 1981-2010).
De réir fhigiúirí foilsithe ag an nGCC i mí Iúil 2022, bhí an sceitheadh gáis in Éirinn 5% níos airde sa bhliain 2021 i gcomparáid le 2020, agus 1̬% in aghaidh 2019.
De réir an GCC, bhí "trí oiread" guail agus ola á dó le leictreachas a ghineadh agus bhí baint mhór aige sin leis an ardú ar astaíochtaí. 18% d’ardú a tháinig ar leibhéal na ngásanna á sceitheadh as earnáil an ghinte leictreachais.
Tháinig 3% d’ardú ar an sceitheadh de bharr na feirmeoireachta, - ardú an dara bliain as a chéile. Scaipeadh 6% sa mbreis leasú saorga le linn an ama sin agus cuireadh 3% sa mbreis le líon na mbeithígh bhainne in Éirinn. Tháinig méadú tagtha ar líon na mbeithíoch sin gach bliain... le 11 bliain anuas.
D'fhoilsigh an GCC tuarascáil ar 2 Meitheamh 2023, a léirigh
Dúirt an GCC go gcaithfidh gach earnáil laghdú cuimsitheach a dhéanamh go tapa.
Sa bhliain 2022, bhí 'moratóir' curtha ag Eirgid ar ionaid nua sonraí i limistéar Bhaile Átha Cliath. Ach níor chuir Rialtas na hÉireann moratóir i bhfeidhm; mar sin, in 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí.
Cláraíodh an teocht is airde riamh in Éirinn le linn mhí an Mheithimh, 28.8C ar 13 Meitheamh 2023, ag Stáisiún Pháirc na Darach i gCo Cheatharlach.
De réir tuarascála in 2023, bhí spriocanna ag an Rialtas nach féidir leis a bhaint amach. Léirígh an taighde a rinne KPMG thar ceann Wind Energy Ireland gur cheap lucht na hearnála gurbh moill sa bpróiseas pleanála; mí-eagar i bhforbairt polasaí; agus easpa inniúlachta an ghréasáin leictreachais na cúiseanna is mó nach n-aimseofar an sprioc.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Athrú aeráide in Éirinn, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.