Trinse san Aigéan Ciúin is ea an Trinse Márianach agus é ag rith ón iardheisceart don tuaisceart, ó oileán Guam go dtí na hOileáin Mháirianacha.
Tá a phointe is doimhne i nDuibheagán Challenger, 11 km thíos faoin dromchla san Aigéan Ciúin, an doimhneacht aigéanach is mó ar Domhan.
(en) Mariana Trench | ||||
Cineál | Trinse aigéanach | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Mariana Islands (en) | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | na hOileáin Mháirianacha Thuaidh, SAM | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | North Pacific Ocean (en) | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | −10,994 m | |||
Pointe is ísle | Duibheagán Challenger (−10,984 m ) | |||
An 'Duibheagán Challenger' (nó 'Challenger Deep') a thugtar ar an gcuid is doimhne den Trinse Máirianach. Ba i mí Eanáir 1960 a chuaigh an chéad bheirt ann, Don Walsh agus Jacques Piccard (mac le Auguste Piccard). Chuadar síos ann sa Trieste, an tríú batascaife riamh, tógtha sna 1950idí.
Tá dháréag tar éis cuairt a thabhairt ar an ngealach ach níl ach triúr tar éis cuairt a thabhairt ar An Trinse Máirianach. Ar an 26 Márta 2012, ba é James Cameron an tríú duine a chuaigh síos ann. Is stiúrthóir scannán agus taiscéalaí cáiliúil aigéan é.
Ina aonar a rinne Cameron an tumadh agus é san fhomhuireán Deepsea Challenger. Sheol sé ar ais an tvuít seo nuair a bhain sé tóin na farraige amach:
‘Just arrived at the ocean’s deepest pt. Hitting bottom never felt so good. Can’t wait to share what I’m seeing w/you.’
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Trinse Máirianach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.