Mamach beag atá dúchasach d'fhoraoisí trópaiceacha de chuid Dheisceart agus Oirdheisceart na hÁise is ea an túpáí.
Cuimsíonn na túpáíonna an t-ord tacsanomaíochta Scandentia ina iomláine. Tá dhá fhine san ord: na Tupaiidae (19 speiceas, na “gnáth-thúpáíonna”), agus na Ptilocercidae (speiceas amháin, Ptilocercus lowii).
Scandentia | |
---|---|
Tupaia belangeri | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Eumetazoa |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Forord | Euarchontoglires |
Ord | Scandentia Wagner, 1855 |
Is uiliteoirí iad; itheann siad torthaí, i measc rudaí eile.
Tá cóimheas maise idir an inchinn agus an corp níos airde sa túpáí ná in aon mhamach eile, daoine san áireamh, cé nach bhfuil sé as an ngnáth cóimheas ard a fheiceáil i measc ainmhithe atá níos éadroime ná 1kg.
Tá gaol gar ag na túpáíonna le príomhaigh, agus úsáideadh iad in áit príomhach i staidéir eolaíochta ar an mióipe, ar strus síceasóisialta, agus ar an heipitíteas.
Tagann an t-ainm “túpáí”, agus ainm an ghéinis Tupaia, ó tupai, an focal Malaeise ar iora. Ba é Stamford Raffles a cheap ainm an ghéinis.
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Túpáí, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.