Sa tsíceolaíocht, iarmhairtí a tharlaíonn nuair a bhíonn cúinsí seachtracha (strusóirí) ag feidhmiú ar dhuine, agus a iompraíonn sé é féin ar bhealaí nósúla ar leith (freagairt ar strus).
Is féidir go mbeidh na strusóirí fisiciúil (torann, teas) nó síceolaíoch (bás, dífhostaíocht), ach braitheann an fhreagairt ar conas a ghlacann an duine leo. Taobh istigh den fhreagairt ar strus, bíonn iarmhairtí fiseolaíocha — díshionchrónú na coirtéise is fuascailt hormóin struis ar leith — agus iarmhairtí iompair — roghnaíocht aire, cailliúint cuimhne, nó gníomhaíocht uathchórasach (cosúil le cur allais). I measc na straitéisí a ghabhann daoine chucu chun an lámh in uachtar a fháil air, tá séanadh go bhfuil na cúinsí struis ann ar chor ar bith, agus meabhrú na dála a mheasúnú go réasúnach.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Strus (síceolaíocht), which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.