Tá an spásteileascóp James Webb (an JWST) ag breathnú níos doimhne sa chosmas ná a d’fhéach teileascóp ar bith riamh, an teileascóp is mó riamh, agus an comharba ar Spásteileascóp Hubble,.
Tá sé ar a chumas breathnú siar sa stair agus radharc a thabhairt dhúinn ar thús na cruinne.
| |||||||
Cineál misean | réadlann spáis | ||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Oibritheoir | Space Telescope Science Institute Goddard Space Flight Center | ||||||
NSSDCA ID | 2021-130A | ||||||
Uimh. SATCAT | 50463 | ||||||
Airíonna árthaigh | |||||||
Monaróir | Northrop Grumman Ball Aerospace & Technologies (en) L3Harris Technologies General Dynamics Mission Systems (en) Materion Raytheon Company Teledyne Technologies | ||||||
Mais | |||||||
Toisí | 14.2 () × 21.2 () m scáthán príomhúil: 6.5 () m scáthán tánaisteach: 0.74 () m | ||||||
Tús an mhisin | |||||||
| |||||||
Feithicil lainseáil | Ariane 5 ECA (Ariane flight VA256 (en) ) | ||||||
Conraitheoir | Arianespace | ||||||
Gníomhachtaigh fithiseach
| |||||||
Príomh-theileascóp | |||||||
Fad fócasach | 131.4 m | ||||||
Limistéar bailiúcháin | 25.4 m² | ||||||
Liosta
| |||||||
Ní hé spásteileascóp James Webb an chéad teileascóp den chineál seo, ach is é an ceann is mó a chuir le heolas an chine dhaonna ar an domhainspás.
Is comhphairtíocht idirnáisiúnta idir NASA, ESA agus Gníomhaíocht Spáis Cheanada (CSA) é.
Sa bhliain 2018, Rinne an JWST beagnach 100 lá de thástáil chrióigineach ag Lárionad Spáis Johnson i Houston, Texas. D’éirigh go maith leis na tástálacha go léir lena n-áirítear na cinn sin a bhain leis an Ionstraim Mheán-Infreadhearg (MIRI ... a bhfuil baint ag DIAS léi). Ach bhí moill curtha ar lainseáil JWST, áfach, ó Dheireadh Fómhair 2018, ar dtús go dtí 2021.
Ar Lá Nollag 2021 lainseáil an roicéad 'Ariane 5' ó Spásfort na hEorpa i nGuáin na Fraince. Ar bord an roicéad sin bhí teileascóp James Webb. Tar éis an lainseála agus an scaradh ón roicéad, dheimhnigh ionad rialú misin Webb i mBaltimore, SAM, gur chuir Webb a eagair fótavoltacha i bhfeidhm agus go bhfuil cuma mhaith air, rud a thug le tuiscint gur éirigh go maith leis an seoladh.
Bhí a cheann sprice (an dara pointe Lagrange nó L2) bainte amach i mí Eanáir 2022, 1.5 milliún km ón Domhan. Ón áit faire sin, déanann an teileascóp, an chruinne a iniúchadh sa speictream infridhearg.
Is comhphairtíocht idirnáisiúnta idir NASA, GSE (Gníomhaireacht Spáis na hEorpa) agus Gníomhaíocht Spáis Cheanada (CSA) é. Chosain sé beagnach 10 mbilliún euro chun é a thógáil.
Is féidir leis an spásteileascóp James Webb íomhánna i bhfad níos fearr de na réaltaí agus na reanna neimhe eile a thabhairt dúinn ná leis na teileascóip atá suite ar dhroim an domhain, ó nach bhfuil aer an atmaisféir ag cur isteach air, agus é thuas sa spás.
Is iad príomh-aidhmeanna an teileascóip na chéad réaltaí a cruthaíodh i ndiaidh na hOllphléisce a fheiceáil, agus pláinéad i ngrianchóras eile ar a bhfuil atmaisféar oiriúnach don bheatha a aimsiú.
Bhí na chéad íomhánna eolaíocha ón teileascóp le fáil i mí Iúil 2022. Bhí na réaltfhisiceoirí in ann go díreach struchtúir a fheiceáil nach raibh fiú ainmneacha orthu ag an am sin. Is féidir linn réaltraí a fheiceáil anois mar a bhí siad 13 bhilliún bliain ó shin, ag tús na cruinne.
Bíonn DIAS in Éirinn ag comhoibriú chun crua-earraí agus bogearraí a fhorbairt don Spásteileascóp James Webb. Sa bhliain 2013, thosaigh DIAS forbairt ar bhogearraí don MIRI (radaíocht infridhearg)/Spásteileascóp James Webb.
Trí amharc siar san am chun réaltraí a fheiceáil sa luathchruinne, tugann an James Webb noda thábhachtacha bhreathnaitheacha agus dul chun sa chumhacht ríomhaireachta agus cuirfear ar ár gcumas samhlacha uimhriúla i bhfad níos soifisticiúla a ríomh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Spásteileascóp James Webb, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.