Staidéar stair na bhfocal is ea sanasaíocht.
Baineann an staidéar seo le cá huair ar tháinig focal isteach i dteanga, cá háit ónar tháinig sé agus cad é mar a d'athraigh sé trí am maidir lena fhoirm agus a chiall. Tá an tsanasaíocht bunaithe ar dhlíthe na foghraíochta stairiúla agus an éabhlóid shéimeantach de na téarmaí atá i gceist.
Toisc go bhfuil teangacha éigine ró-shean le heolas díreach a aimsiú fúthu (eolas scríofa mar shampla), is minic a bhaintear úsáid as teangeolaíocht chomparáideach le heolas a athchruthú. Trí úsáid teicníce a thugtar an "modh comparáideach" uirthi, is féidir le teangeolaithe fios a bhaint amach faoi mhatháirtheangacha roinnte agus iad ag amharc ar theangacha gaolta.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Sanasaíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.