Ba theangeolaí Eilvéiseach agus scoláire i réimse an Léinn Cheiltigh freisin é Eduard Rudolf Thurneysen (14 Márta 1857 – 9 Lúnasa 1940).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Márta 1857 Basel, An Eilvéis |
Bás | 9 Lúnasa 1940 83 bliana d'aois Bonn |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Leipzig |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Freiburg Ollscoil Jena Ollscoil Bonn |
Ball de | Acadamh Meánaoiseach Mheiriceá (Corresponding Fellow of the Medieval Academy of America (en) ) (1927–) Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí Heidelberg (ball eachtrach) (1913–) Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí Heidelberg (extraordinary member (en) ) (1910–1913) Acadamh Ríoga na Prúise um Eolaíocht Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Maximilian Sell (mac cleamhnais) |
Gradam a fuarthas |
Saolaíodh é i mBasel san Eilvéis agus rinne Thurneysen staidéar ar an bhfocleolaíocht chlasaiceach i mBasel, i Leipzig, i mBeirlín, agus i bPáras. I measc a chuid múinteoirí bhí Ernst Windisch agus Heinrich Zimmer. Bronnadh promotion (ionann is dochtúireacht) air sa bhliain 1879 agus bronnadh habilitation (céim níos airde ná dochtúireacht) sa Laidin agus sna teangacha Ceilteacha air i 1882 ag Ollscoil Jena.
Theagasc sé Laidin ag Ollscoil Jena ó 1885 go dtí 1887. Ina dhiaidh sin, ghlac sé le hOllúnacht na focleolaíochta comparáidí ag Ollscoil Fhreiburg-im-Breisgau mar chomharba ar Karl Brugmann, saineolaí mórchlúiteach ar an teangeolaíocht Ind-Eorpach.
Foilsíodh a mhórshaothar Handbuch des Alt-Irischen sa bhliain 1909. D’fhorleathnaigh agus d’aistrigh D. A. Binchy agus Osborn Bergin go Béarla é leis an teideal A Grammar of Old Irish. Tá an leabhar i gcló go fóill chomh deireanach le 2006. Bhog Thurneysen go dtí Ollscoil Bhonn i 1930. Is sa tréimhse seo a bhí cáil air mar an saineolaí Shean-Ghaeilge ab fhearr ina ré.
D’éirigh sé as a phost sa bhliain 1923 agus fuair sé bás i mBonn in 1940. Tugtar Léacht Cuhimhneacháin Rudolf Thurnseysen (Gearmáinis: Vortrag in Memoriam Rudolf Thurneysen) i mBonn mar chomhartha na hurraime dó.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rudolf Thurneysen, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.