Is éan san fhine Covidae é Pyrrhocorax pyrrhocorax, ar a dtugtar an cág gobdhearg, an cág cosdearg, an cág deargchosach nó an préachán cosdearg i nGaeilge, atá ar cheann de dhá speiceas sa ghéineas Pyrrhocorax, mar aon le Pyrrhocorax graculus (Gaeilge: an cág gob-bhuí).
Pyrrhocorax pyrrhocorax pyrrhocorax | |
Sonraí | |
---|---|
Mais | 312 g (meáchan fásta, orgánach fireann) 263 g (meáchan fásta, orgánach baineann) |
Réise sciathán | 82 cm |
Meánlíon in ál | 3.9 |
Tréimhse ghoir | 17 laethanta |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22705916 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Corvidae |
Géineas | Pyrrhocorax |
Speiceas | Pyrrhocorax pyrrhocorax Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha | Dzuluk (en) , Fambong Lho Wildlife Sanctuary (en) , Lachen (en) , Shingba Rhododendron Sanctuary (en) agus Sela Pass (en) |
Maireann a hocht bhfospeiceas ar shléibhte agus ar aillte cósta ó Éirinn agus iarthar na Breataine go dtí lár na hÁise, an India agus an tSín, trí dheisceart na hEorpa agus an Afraic Thuaidh.
Tá cluimhreach dhubh snasta ag an éan seo, gob fada dearg cuartha, cosa dearga, agus glao ard clingireacht. Tá eitilt ghleacaíoch bhuacach aige le príomhchleití scaipthe go forleathan. Péireálann na cága seo ar feadh an tsaoil agus taispeánann siad dílseacht (fileapatracht) dá láithreán pórúcháin, atá de ghnáth ina uaimh nó scoilt in aghaidh aille. Tógann sé nead maide a bhfuil líneáil ola uirthi agus leagann sé trí ubh. Cothaíonn sé, go minic i dtréada, ar fhéarthalamh ar a mbíonn ba ag innilt, ag glacadh creiche inveirteabraigh den chuid is mó.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pyrrhocorax pyrrhocorax, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.