Ceann de na lantanóidigh is ea an próiméitiam (Pm an tsiombail cheimiceach) agus é ar an t-aonú dúil is trí scór sa tábla peiriadach.
Dúil radaighníomhach atá ann, cé go bhfuil sé i bhfad níos éadroime ná na miotail thrasúránacha - níl oiread is aon iseatóp amháin aige nach mbeadh radaighníomhach. Is é 145Pm an t-iseatóp is cobhsaí atá aige, ach níl sé féin fadsaolach - tá sé beagnach ocht mbliana déag ar leathré.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Próiméitiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Pm |
Uimhir adamhach | 61 |
Peiriad, Grúpa | lantanóidigh peiread 6 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.13 |
Ga ianach | 0.97 agus 1.09 |
Stair | |
Aimsitheoir | Jacob Akiba Marinsky, Lawrence E. Glendenin agus Charles D. Coryell |
Fionnachtain | 1945 |
Eapainm | Proiméitéas |
Bíonn iarsmaí beaga próiméitiam le fáil sa dúlra, de thoradh eamhnú spontáineach an úráiniam. I lár na seascaidí mhaígh an tOllamh Fionlannach Olavi Erämetsä gur tháinig sé ar phróiméitiam in eiseamal apaitíte ó Leithinis Kola in iarthuaisceart na Rúise.
Is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta ag an bpróiméitiam ina chuid comhdhúl, agus mar sin, is féidir a rá gur lantanóideach tipiciúil é. Miotal lonrach é go bunúsach, ach nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil leis an aer, gheobhaidh sé brat ocsaíde de réir a chéile - is í an trí-ocsaíd dé-phróiméitiam atá ann, nó Pm2O3. Nuair a théifear próiméitiam suas go 150 °C, rachaidh sé trí thine, ionas go bhfaighfear an ocsaíd chéanna.
Tá an próiméitiam sách leictridheimhneach - is é sin, tá sé de chlaonadh ann na fiúsleictreoin a thabhairt ar iasacht do dhúile níos leictridhiúltaí agus lucht deimhneach leictreachais a ghlacadh chuige sna comhdhúile. Mar sin, nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil leis an uisce, imoibreoidh sé leis, ionas go gcruthófar hiodrocsaíd, Pm(OH)3. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual dó sna comhdhúile seo go léir ná +III: an trífhluairíd PmF3, an tríchlóiríd PmCl3, an tríbhróimíd PmBr3, an trí-iaidíd PmI3.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Próiméitiam, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.