Is é an neoidimiam dúil cheimiceach uimhir a 60, agus is é Nd an tsiombail cheimiceach a sheasann dó.
Miotal bog insínte é a dtagann smúit air faoi thionchar an aeir. Ba é an ceimiceoir Ostarach Carl Auer von Welsbach a rinne a fhionnachtain sa bhliain 1885. Níor táirgeadh eiseamal mór den mhiotal ach sa bhliain 1925. Tá an t-ainm bunaithe ar neos ("nua") agus didymos ("leathchúpla") na Gréigise. Ar dtús, shíl na ceimiceoirí go raibh a leithéid de mhiotal ann agus didimiam, ach le fírinne, is éard a bhí ann ná meascán praiséidimiam agus neoidimiam, agus nuair a tuigeadh gur dhá mhiotal éagsúla a bhí ann i ndáiríre, bhí ainmneacha nua ag teastáil ón mbeirt sin.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Neoidimiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Nd |
Uimhir adamhach | 60 |
Mais adamhach | 144.242 |
Peiriad, Grúpa | lantanóidigh peiread 6 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.14 |
Ga ianach | 0.98, 1.12, 1.16 agus 1.27 |
Stair | |
Aimsitheoir | Carl Auer von Welsbach |
Fionnachtain | 1885 |
Eapainm | nuacht agus cúpla |
Lantanóideach agus miotal tearc-chré é an neoidimiam, agus é le fáil sa dá mhianra úd monaisít agus bastnaeisít cosúil lena lán dúl eile sna grúpaí seo.
Is é +III gnáthstaid ocsaídiúcháin an neoidimiam, rud coitianta ag an gcuid is mó de na miotail tearc-chré (sin é an tuige go mbíonn sé chomh deacair iad a dhealú ó chéile). Comhdhúile tipiciúla iad an trí-ocsaíd dé-neoidimiam Nd2O3, an trífhluairíd neoidimiam NdF3, an tríchlóiríd neoidimiam NdCl3, an tríbhróimíd neoidimiam NdBr3, an trí-iaidíd neoidimiam NdI3, an dá shuilfíd NdS agus Nd2S3, agus an nítríd NdN.
Tá neoidimiam an dúlra comhdhéanta as cúig iseatóp cobhsaí, mar atá, 142Nd (27.2 % de neoidimiam an dúlra), 143Nd (12.2 %), 145Nd (8.3 %), 146Nd (17.2 %) agus 148Nd (5.7 %), chomh maith le dhá iseatóp radaighníomhach, 144Nd (23.8 %) agus 150Nd (5.6 %). Tá na raidiseatóip nádúrtha an-fhadsaolach, nó tá neoidimiam a 144 2.29 cuintilliún bliain ar leathré, agus neoidimiam a 150 breis is dhá mhíle oiread níos fadsaolaí fós. Mar sin, is féidir dearmad a dhéanamh de radaighníomhaíocht an dá iseatóp sin sa ghnáthshaol.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Neoidimiam, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.