Praiséidimiam

Is é an praiséidimiam dúil uimhir a 59, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Pr.

Ceann de na miotail tearc-chré agus ceann de na lantanóidigh atá ann. Miotal insínte é agus loinnir an airgid ann, ach nuair a imoibreoidh sé le hocsaigin an aeir, tiocfaidh smúit uaine ocsaíde air. In imeacht ama, titfidh an ocsaíd ina scraitheanna den mhiotal, ionas gur féidir leis an ocsaigin tuilleadh dochair a dhéanamh don mhiotal féin. Mar sin, is gnách an praiséidimiam a choinneáil i gcoimeádán lán ola, ionas nach dtiocfaidh sé i dteagmháil leis an aer.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachPraiséidimiam
Praiséidimiam
Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Praiséidimiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachPr
Uimhir adamhach59
Mais adamhach140.90766
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlús6.773 kg/m⁻³
Leáphointe1,208
Fiuchphointe3,403
Leictridhiúltacht1.13
Ga ianach0.99, 1.13, 0.85 agus 0.96
Stair
AimsitheoirCarl Gustaf Mosander
Fionnachtain1841
Eapainmglas agus cúpla
Praiséidimiam

Maidir leis an ainm, tá sé curtha le chéile as dhá fhocal Gréigise a chiallaíonn "uaine" agus "leathchúpla". Sa bhliain 1841, d'aithin an ceimiceoir Sualannach Carl Gustaf Mosander miotal nua (mar a shíl sé) ar bhaist sé an t-ainm didimiam air (as an bhfocal Gréigise didymos a chiallaíonn "leathchúpla"). Sa bhliain 1874, áfach, tháinig Per Theodor Cleve gur dhá dhúil a bhí i gceist leis an didimiam, mar atá, an praiséidimiam agus an neoidimiam.

Imoibríonn an praiséidimiam go fonnmhar le huisce, ionas go gcruthaítear hiodrocsaíd praiséidimiam, Pr(OH)3. Mar a fheicimid anseo, is í an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá aige ná +3, agus sin í an staid ocsaídiúcháin atá aige sna halaiginídí freisin a chruthófar nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil le halaiginí: an trífhluairíd PrF3, an tríchlóiríd PrCl3, an tríbhróimíd PrBr3, agus an trí-iaidíd PrI3. Maidir leis an ocsaíd a chruthaítear faoi thionchar an aeir, is meascán í as an tríocsaíd dé-phraiséidimiam Pr2O3 agus an dé-ocsaíd praiséidimiam PrO2.

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an bpraiséidimiam, mar atá: praiséidimiam a 141.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Tags:

Dúil cheimiceachLantanóidighMiotalOcsaiginOlaSiombail cheimiceachTearcithir

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

CogadhStroighinAn PhortaingéilOideachasWilliam Smith O’BrienCaipitleachasLitríocht na RúiseCaisleán na DeirgeÍosa CríostCeirbream28 EanáirBaile na bPoc, Paróiste MórdhachRópaPárasClasaicighCeol1916SInnealtóireacht Roicéad Aeraspáis DelftJohnny DeppPailm ratáinCumann na mBanAn RúisBrad PittFionn mac CumhaillHRóisín SeoigheJim MorrisonEalaíonAn VicipéidOghamDeclan KidneyAn fearann poiblíOspidéalSocheolaíochtBreoslaBusIomparCainteoir deireanach na Coirnise1859OllscoilFTPAireolaNua-Eabhrac (cathair)TeicneolaíochtIonradh na Rúise ar an Úcráin183717ú haois RCAraicnidIarannUNRWAJeanne d'ArcIonad aclaíochtaBig Brother (RA)AeráidPiorraCósta RíceGalileo GalileiInchinn dhaonnaArtaimísDemi LovatoDie Verwandlung (An Claochlú)UchtnochtTíreolaíochtCoirbéaladhAn Iodáil🡆 More