Is amhránaí Francach í Mireille Mathieu (fuaimniú Fraincise: ; rugadh í ar an 22 Iúil 1946).
Tá os cionn 1,200 amhrán taifeadta aici in aon teanga déag, agus tá níos mó ná 122 milliún céirnín díolta aici ar fud an domhain.
(2014, Théâtre Sébastopol) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Iúil 1946 77 bliana d'aois Avignon (an Fhrainc) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, ban-aisteoir, siamsóir, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 1962 – |
Seánra | Chanson agus popcheol |
Teangacha | An Ghearmáinis, an Iodáilis, an Fhraincis agus an Spáinnis |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Ariola Atlantic Records Capitol Records Polydor Records Columbia Records Philips Records |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | mireillemathieu.com |
|
Rugadh Mireille Mathieu ar an 22ú Iúil 1946 in Avignon na Fraince, an iníon ba shine de theaghlach ina raibh ceithre pháiste déag. Rugadh an deartháir ba óige tar éis di bogadh go Páras. Ba as Avignon ó dhúchas é a hathair Roger agus a chlann, agus ba as Dunkerque a máthair Marcelle-Sophie (née Poirier). Chuaigh a máthair go dtí Avignon sa bhliain 1944 mar dhídeanaí ón Dara Cogadh Domhanda tar éis dá seanmháthair bás a fháil, agus chuaigh a máthair ar iarraidh. Reáchtáil Roger, in éineacht lena athair Arcade, siopa saor cloiche an teaghlaigh díreach taobh amuigh de phríomhgheata reilig Saint-Véran. Ba shaoir chloiche iad muintir Mathieu le ceithre ghlúin anuas. Sa lá atá inniu ann, is é Pompes Funèbres Mathieu-Mardoyan an t-ainm ar an siopa, agus tá sé faoi stiúir teaghlach a deirfiúr Réjane.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Mireille Mathieu, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.