Meitéareolaíocht is ea an staidéar ar an aimsir agus gnéithe uile an atmaisféir chun an aimsir a réamhinsint (ón nGréigis: μετέωρο, meteron, go hard sa spéir; agus λόγος, logos, eolas).
Scrúdaítear an teocht, an brú agus an gal uisce srl i dtrópaisféar an domhain. Tugtar meitéareolaí ar eolaí sa réimse seo. Ceann amháin de na heolaíochtaí atmaisféaracha é an meitéareolaíocht, in éineacht leis an clíomeolaíocht, an fisic atmaisféarach agus an ceimic atmaisféarach.
I réigiúin ar leith, iarthuaisceart na hEorpa mar shampla, bíonn patrúin chasta san aimsir. Is féidir réamhaisnéis aimsire a dhéanamh don trí lá atá le teacht, nó don deich lá le teacht le hiontaoibh níos lú.
I réigiúin eile, fásaigh mar shampla, bíonn na patrúin comhsheasmhach.
Coimeádadh taifid ar an aimsir sa tSín chomh fada siar le 1216 RC.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Meitéareolaíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.