Is éard is meadhg ann ná an leacht atá fágtha tar éis bainne a ghruthú agus a scagadh.
Is fotháirge de chuid dhéanamh na cáise í, agus is iomaí úsáid thráchtálach a bhaintear aisti. Tugtar meadhg mhilis ar an meadhg a fhaightear trí bhinid a chur le bainne, mar shampla nuair a dhéantar cáiseanna crua ar nós céadar nó cáis Eilvéiseach. Tugtar meadhg ghéar ar an meadhg a fhaightear mar fhotháirge ó tháirgí déiríochta de chineál aigéadach a dhéanamh, mar shampla iógart scagtha.
Bunús | |
---|---|
Gastranómachais | bainne |
Sonraí | |
Cineál | táirge déiríochta |
Príomh-chomhábhair | whey protein (en) |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Meadhg, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.