Bitheolaí Meiriceánach is ea James Dewey Watson (a rugadh ar 6 Aibreán 1928).
Tá cáil air mar gheall ar a fhionnachtain ar struchtúr an aigéid dhí-ocsairibeanúicléasaigh, nó ADN, in éineacht le Francis Crick agus Maurice Wilkins. Bronnadh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis orthu sa bhliain 1962. Rosalind Franklin a chuir leis an tuiscint ar struchtúir móilíneach an ADN freisin.
Thaispeáin Watson is Crick i 1953 gurb é a bhíonn i ngach móilin den DNA i ngach cill bhitheolaíoch ná dís tointemhóilíní (suas le 2 m ar fhad), gach ceann ina shaghas cóipe den cheann eile.
Tá cur síos ar an bhfionnachtain ina leabhar The Double Helix (An Déhéilics, 1968). I 1990-4, ina cheannaire ar thionscadal an ghéanóim dhaonna, scéim idirnáisiúnta chun ionad is ord gach géine ar gach crómasóm daonna a aimsiú is a mhapáil.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article James Watson, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.