Bithcheimic

Is éard is bithcheimic ann ná staidéar ar phróisis cheimiceacha in orgánaigh bheo.

Pléann sé le struchtúir agus feidhm na gcomhaonad ceallach ar nós próitéiní, carbahiodráití, aigéid núicléacha agus bithmhóilíní eile.

I measc an iliomad bithmhóilíní éagsúla atá ann, is ann do mhórán acu atá coimpléascach (ar a dtugtar polaiméirí), atá chomhdhéanta d'fho-aonaid athfhillteacha (ar a dtugtar monaiméirí). Tá tacar éagsúil fo-aonad ag gach aicme bithmhóilíní polaiméireacha. Mar shampla, próitéin is ea polaiméir ar roghnaíodh na fo-aonaid ann as tacar 20 nó níos mó amínaigéad. Féachann an bhithcheimic ar na hairí ceimiceacha atá ag móilíní tábhachtacha bitheolaíocha, leithéidí próitéiní, agus ach go háirithe an cheimic a bhaineann le h-imoibrithe a mbíonn einsmí mar chatalaígh iontu.

Tá cur síos beacht le fáil ar an mbithcheimic a bhaineann le meitibileacht na gceall agus bithcheimic an chórais inchrínigh. Réimsí eile den bhithcheimic is ea an cód géiniteach (ADN, RNA), síntéis na bpróitéiní, iompar trí scannán na cille, agus trasduchtú comharthaí.

Cionn is gur ón aon-sinsear gach foirm bheatha dá bhfuil eolas againn orthu bheith ann sa lá atá inniu ann, is gnách go mbíonn cosúlacht eadarthu ó thaobh na bithcheimice.

Ní fios fós an bhféadfadh leaganacha malartacha eile den bhithcheimic feidhmiú, nó an mbéidis praiticiúil, ó bheith ag féachaint ar bhun-ábhar na cruinne. Dar le téis nua atá ag teacht chun cinn "an seobhaineachas carbóin", ní féidir ach le comhdhúile carbón-bhunaithe a bheith ar fáil le bheith mar chuid de aon fhíor-bhithcheimic.

Tagairtí

Tags:

CeimicPróitéin

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

TuileAn EilvéisHakainde HichilemaPornhubUSENETAn Muileann gCearr2002SeargadhCaipitleachasSweet but PsychoGealtacht Mael MórdhaCailifeacht UmayyadFranz LisztThe SimpsonsAn tSean-ChoraintClive JamesContae na MíAn tSeapáin1 NollaigRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannBainistíocht ceart digiteachJean-Claude JunckerCiara Ní ÉRéaltfhisicStáit Aontaithe MheiriceáDáileoir scannánCoileánSnow White and the Seven Dwarfs (scannán 1937)Leabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaVan MorrisonSíocháinAn fearann poiblíTacarBrabhsálaí GréasáinBaile fearainnAigéanMoscóCarles PuigdemontGaeltacht na nDéiseSoilsiú déghnéasachIaltóg ghiobach AlcathoeThe Weakest Link (RA)Gíreascóp1934 sa scannánRonnachLitríocht na Rúise9 SamhainVladímír PútínIdirnáisiúnúGineadóir teirmileictreach raidiseatóipHans ZinsserComórtas Amhránaíochta na hEoraifíseÁirseSúnás25 AibreánHidribhitheolaíocht3 BealtaineBarrachódRobert Erskine ChildersArdchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um DhídeanaitheColáiste IognáidSamhail teanga mhórSteigeasárBrían Ó FiannachtaMedjugorjeNa Cogaí PúnachaSicínSharon Ní BheoláinTeach na dTeachtaí, An Ríocht AontaitheSeosamh Mac GriannaDaon-Phoblacht na hIon-MhongóileMahatma GandhiFón pócaGlacaireachtGiza🡆 More