Brainse innealtóireachta a bhaineann le dearadh is tógáil oibreacha poiblí: foirgnimh, droichid, tolláin, uiscebhealaí, canálacha, sráideanna is bóithre, córais séarachais, iarnróid, agus aerfoirt.
Tagann innealtóireacht struchtúrtha, shláintíoch is hiodrálach san áireamh. Is gá eolas a bheith ag innealtóirí sibhialta ar ábhair is trealamh tógála, ithreacha is carraigeacha chun bunsraith chuí a thógáil, obair tógála a dhéanamh faoin talamh is faoin uisce, agus earraí déanta, cosúil le gluaisteáin, traenacha, eitleáin is eile. Tagann ríomhaireacht go mór sa scéal freisin i gcúrsaí deartha, tástála is déanta, agus an réaltacht fhíorúil chun mionsamhlacha foirgneamh is struchtúr eile a iniúchadh roimh a dtógáil. Chum an t-innealtóir Sasanach John Smeaton (1724-1794) an téarma ‘innealtóireacht shibhialta’ i 1750.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Innealtóireacht shibhialta, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.