Aerárthach atá in ann éirí den talamh agus tuirlingt go ceartingearach is ea héileacaptar nó ingearán.
Cineál | rótarárthach |
---|---|
Úsáid | eitlíocht |
Oibreoir(í) |
Faigheann héileacaptar ardú ó thacar eití cothrománacha le trastomhas mór, fuinnmhithe chun rothlaithe. Brúnn na heití seo an t-aer síos, rud a sholáthraíonn fórsa ardaithe don aerárthach.
Faigheann sé fórsa tiomána chun tosaigh tríd an héileacaptar is plána na n-eití a chlaonadh sa treo eitilte is mian, agus uillinneacha na n-eití leis an gcothromán a athrú rud beag is iad ag rothlú.
Tá an héileacaptar an-áisiúil mar is féidir é éirí agus tuirlingt gan rúidbhealach. Níl an buntáiste céanna ag eitleáin. Níl an luas céanna ag ingearáin 'is atá ag eitleáin.
Baintear an iliomad feidhm as ingearáin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ingearán, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.