Is é atá san idirghníomhú lag nó fórsa núicléach lag ná ceann de na 4 fórsaí bunúsacha idir cháithníní fo-adamhacha, mar aon leis an leictreamaighnéadas, an t-idirghníomhú láidir, agus an imtharraingt.
Is mar thoradh ar W nó Z bósón a mhalartú a chruthaítear an fórsa lag, mar a thugtar air uaireanta. Is é an t-idirgnhíomhú lag is cúis le béite-mheath (meath radaighníomhamh ina dtiontaíonn prótón chun bheith ina neodrón trí leictreon agus fríth-neoidríonó a chur amach). Bíonn an fórsa lag "lag" mar gheall ar mhais ard an W agus a Z a iompraíonn an fórsa. Tá mais acu siúd atá ~80-90 níos mó ná mais an phrótóin, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-idirghníomhú gearr-raonach go leor i gcomparáid leis na bhfórsaí eile.
Tá neart tréithe sainiúla ag an idirghníomhú lag. Is é an t-idirghníomhú lag an t-aon idirghníomhú go bhfuil ar a chumas cuarc de shaghas amháin a thiontú go cuarc de shaghas eile. Deineann an t-idirghníomhú idirdhealú ar bhonn paireachta---ní bhaineann sé ach le cáithníní ciotacha. Is gné sainiúil freisin go bhfuil mais ag iompróirí an idirghníomhaithe.
Tá dhá cháithnín ann a iompraíonn an fórsa seo. Tá lucht leictreach ag ceann acu, an W bósón. Is féidir leaptón luchtaithe a thiontú ina neoidríonó trí W-cháithnín a chur amach, nó cuarc a thiontú go aon chuarc eile nach bhfuil an lucht leictreach céanna is atá ag an gcéad cheann. Tá an Z bósón neodrach ó thaobh a luchta de, agus cosúil ar bhealach leis an bhfótón, ach go bhfuil sé ar a chumas idirghníomhú le neoidríonónna.
De réir na teoirice leictrealaige, tá dlúthbhaint idir an t-idirgnhíomhú lag agus an leictreamaighnéadas. Ceaptar dur dhá ghné iad d'aon fhórsa bunúsach anois. Is é an bósón Higgs a thugann mais do na cáithníní bunúsacha sa teoiric seo, agus tá fisiceoirí ar a thóir siúd ag an LHC faoi láthair.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Idirghníomhú lag, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.