Bia bog milis is ea glóthach.
Itear mar mhilseog é. Itear fuar é. Itear leis féin é nó le bia eile amhail uachtar reoite nó breachtán. Is maith le leanaí agus daoine óga é ach go háirithe, ach déanta na fírinne, is féidir le gach duine é a ithe.
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | an Ríocht Aontaithe |
Sonraí | |
Cineál | dessert with spoon (en) |
Príomh-chomhábhair | Geilitín |
Déantar an púdar a mheascadh le uisce te chun glóthach a dhéanamh. Doirtear an glóthach te i mhúnla glóthaí chun cruth faoi leith a thabhairt dó. Ligtear dó fuarú ar feadh tamall ionas go táthóidh an leacht le chéile. Bíonn glóthach ar fáil i mblasanna agus dathanna éagsúla. Nuair a mbíonn glóthach ag suí ar mhias leis féin, bíonn sé longadánach agus bíonn tréith athscinmeach aige.
Is féidir fiúigil glóthaí (.i. deochanna beaga biotáille déanta de ghlóthach a dháiltear i ngloiní beaga) a dhéanamh trí alcól a mheascadh isteach i nglóthach fad is atá sé á ullmhú. Go minic measctar vodca, rum nó tequila sa ghlóthach. Doirtear an leacht meisciúil seo i shoithigh bheaga agus itear iad ag cóisir nó i dteach tábhairne.
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Glóthach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.