Ba aisteoir Meiriceánach ó bhunadh Briotanach é Gary Cooper (7 Bealtaine, 1901 – 13 Bealtaine, 1961) a bhuaigh Gradaim an Acadaimh dhá uair.
Lean a shaol oibre ó na 1920ídí go dtí bliain a bháis. Bhí aithne air mar gheall ar a stíl aisteoireachta ciúin agus a phearsa stóchúil, tréan, a d'oir go mór do na rólanna sna Westerns inar ghlac sé páirt.
Fuair Cooper cúig ainmniúchán Oscar don duais Aisteoir is Fearr, le linn a shaol oibre, agus bhain sé dhá uair é. Fuair sé Duais Onórach freisin ón Acadamh i 1961, cúpla seachtain roimh a bháis.
Rugadh Cooper faoin ainm Frank James Cooper i Helena, Montana. Bhí cónaí air agus é ina bhuachaill i mBedfordhire, Sasana, lena mháthair Alice, agus a dheartháir ní ba mhó, Arthur Le Roy. D'fhreastail sé ar scoil Dunstable (scoil phoiblí) idir 1909 agus 1912.
Chuaigh sé ar ais go dtí na Stáit Aontaithe sa bhliain 1912. Gortaíodh é i dtimpiste gluaisteáin agus é trí bliana déag d'aois, agus bhí air bogadh go dtí rainse a athar i Montana, SAM le biseach a fháil, áit a ghnóthaigh sé a chuid scileanna marcaíochta.
Sna blianta 1922 agus 1923, bhí sé ag obair mar threoraí turasóireachta i Yellowstone.
Bhog sé go Los Angeles i 1924, áit a fuair sé post mar dhuine sa bhreis sa tionscail scannánaíochta.
Bliain ina dhiaidh dá chéad scannán gearr mar phríomhaisteoir, glaodh go Paramount Studios é agus ofráladh conradh fadtéarmach dó, rud a ghlac sé leis.
D'athraigh sé a ainm go Gary (ó Frank) i 1925, de réir chomhairle a ionadaí, a d'fhás suas i Gary, Indiana.
Thar na blianta, bhí ról ag Cooper i níos mó ná céad scannán. Bhain sé a chéad duais Oscar don Aisteoir is Fearr i 1941 dá ról i Sergeant York. I 1952, bhain Cooper an dara Oscar dá ról mar Marshal Will Kane i High Noon, a léiriú ab fhearr de réir na gcriticeoirí.
Fuair Cooper bás ó ailse scamhóige i 1961, sé lá i ndiaidh dó seasca bliain a chomóradh. Cuireadh é i reilig an Chroí Ró-Naofa i Southampton, Nua-Eabhrac.
Chuaigh sé faoin scian do ailse próstatach agus putóige an bhliain roimhe sin ach ní raibh modh ann ag an am chun monatóireacht a dhéanamh ar ailse.
Bhí sé ró-bhreoite chun freastal ar an Oscar in Aibreán 1961, agus dá bhrí sin ghlac a dhlúth-chara James Stewart a Oscar onórach ina áit.
Ba léir ó óráid tochtmhar Stewart go raibh rud éigin mícheart, agus an lá ina dhiaidh bhí ceann-teideal ar nuachtáin ar fud an domhain, "Tá ailse ag Gary Cooper". Mí ina dhiaidh sin, fuair an t-aisteoir bás.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Gary Cooper, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.