Is acmhainn nádúrtha é gás nádúrtha nó gás aiceanta.
Tarraingthe as carnadh faoi thalamh, faightear leis féin é, nó le deascáin ola i gcuid mhaith réigiún ar fud an domhain. Faightear i mbreoslaí iontaise é, á cruthú ag orgánaigh meatánaigine i bportaigh, i riasca agus i líonta talún.
Baintear feidhm as an gás mar bhreosla an-tábhachtach agus i leasacháin. Is gás ceaptha teasa láidir é chomh maith. Is mó faoina dhó nó mar sin an fuinneamh ann ná i ngás baile. Úsáidtear mar bhreosla bunúsach é sa teaghlach is an tionscal (bunábhar d'an-chuid ceimiceán).
Bhí an gás nádúrtha in úsáid sa tSín sa 1ú céad RC chun sáile a ghalú.
Sa 20ú haois, bhí an gás nádúrtha á mholadh mar mhalairt breosla in ionad peitril i gcomhair feithiclí. Bheadh buntáistí aige sa bhfeidhmiú seo, sa mhéid is go bhfuil sé saor slán sábháilte agus go dtáirgeann i bhfad níos lú gás truaillithe nuair a dhóitear é. Ach is lú an fuinneamh ann ná i bpeitreal ná díosal, agus mar sin bheadh gá le tanc an-mhór i ngluaisteán, nó athluchtú i bhfad níos minice, chun taisteal chomh fada agus is féidir le gluaisteán peitril ar lántanc.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Gás nádúrtha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.