Cuimsíonn an fiadhúlra an ilghnéitheacht bheatha ar fud an domhain.
Shínigh Éire an Coinbhinsiún domhanda ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CEB). Bhí an beartas bithéagsúlachta leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta (PNB), rud a aithníonn díghrádú agus caillteanas gnáthóg mar phríomhthoisc atá ag laghdú bithéagsúlachta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is fadhb mhéadaitheach é scaipeadh na speiceas ionrach chomh maith.
Tá baic i bhfeidhm maidir le tabhairt isteach nó scaipeadh speiceas ionrach áirithe. Tá cuid mhaith de na forálacha beartais sa PNB á gcur i bhfeidhm tríd an gcreat reachtúil atá curtha ar fáil ag na hAchtanna Fiadhúlra, 1976-2000.
Tá ainmhithe áirithe ag dul in éag de bharr dífhoraisiú agus caillteanas gnáthóg de réir mar atá an daonra ag fás. Is ionann Anaclann Dúlra is ceantar a bhfuil tábhacht leis ó thaobh fiadhúlra, agus tá cosaint aici’ faoin reachtaíocht. Is leis an Stát formhór na nAnaclann Dúlra in Éirinn.
Is é an ról atá ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne a bheith ag obair lena comhpháirtithe sa tseirbhís phoiblí agus sa phobal i gcoitinne chun an chomhairle eolaíoch is fearr is féidir a chur ar fáil agus chun a chinntiú go gcuirtear cosaint éifeachtach ar fáil chun fiadhúlra na hÉireann a chaomhnú.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Fiadhúlra, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.