Is ainm coitianta a thugtar ar éin uisce áirithe san fhine Anatidae é gé,.
Is éin mhóra iad a fheidhmíonn níos mó ar talamh ná na healaí is na lachain, agus a chuimsíonn an chuid eile den fhine. Ní grúpa tacsanomaíochta iad na géanna.
Coinnítear an ghé mar éan clóis ach tá géanna fiáine ann freisin.
Tá dhá ghéineas d'fhíorghnéanna ann: Anser (na géanna liatha agus bána) agus Branta (na géanna dubha), cé nach dtugtar "gé" ar gach uile speiceas sna géinis seo; mar shampla, is é “cadhan” an gnáthainm ar Branta bernicla agus is é “néné” an t-ainm ar Branta sandvicensis. Tá na fíorghnéanna gaolta leis na healaí, a bhíonn níos mó ná iad, agus na lachain, a bhíonn níos lú.
Úsáidtear an téarma “gé” ar roinnt speiceas eile, an chuid is mó acu ón Leathsféar Theas — baill den fhofhine Tadorninae (na seil-lachain).
Tá an lacha agus an ghé cosúil lena chéile freisin. Tá goba ag an dá cheann acu a ligeann dóibh bia difriúil a ithe. Cabhraíonn gob na lachan léi nuair a bhíonn sí ag lorg bia san uisce agus ligeann gob na gé di féar a phiocadh suas. Tá cosa scamallacha ag an lacha agus ag an ngé agus cabhraíonn siad leo bheith ag snámh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Gé, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.