Éagsúlacht bhitheolaíoch is ea bithéagsúlacht, nó níos cruinne fós, an raon is an ilghnéitheacht cineálacha géiniteacha, speiceas is éiceachóras ar Domhan a athraíonn le héabhlóid.
Géaraíonn gníomhartha daonna luas na bpróiseas athraithe, rud a laghdaíonn speicis nó a dhíothaíonn iad, fiú.
Síníodh conradh chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú is acmhainní bitheolaíocha a fhorbairt ar bhonn inmharthanach ag Cruinniú Mullaigh an Domhain i 1992.
Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh in 2024.
Ceiliúrtar ar an 22 Bealtaine gach bliain an Lá Idirnáisiúnta um Éagsúlacht Bhitheolaíoch, an Bhithéagsúlacht agus Speicis Choimhthíocha Ionracha.
Tá an t-ádh le hÉirinn 31,000 speiceas plandaí, ainmhithe agus fungas taifeadta a bheith aici. Tá níos mó ná 20% de na speicis a ndearnadh measúnú orthu in Éirinn i mbaol díothaithe agus tá stádas neamhfhabhrach ag 85% de na 59 gnáthóg is luachmhaire san AE. Tá níos mó ná leath na bplandaí dúchasacha ag meath.
Tuairiscíodh sa bhliain 2024 go raibh drochbhail ar 85% de ghnáthóga sainchosanta an Stáit agus go raibh 46% díobh ag meath d'acht is d'áirithe, agus gnáthóga bláthanna agus luibheanna dúchasacha á scriosadh go seasta – na dumhcha, na heanaigh, na léanta, na móinéir, na portaigh, na turlaigh agus mar sin díobh. Modhanna míchóiriúla feirmeoireachta is siocair leis an meath den chuid is mó, a deirtear – iníor tionsclaíoch, bánú talaimh agus truailliú uisce, srl.
Rinne an Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht moltaí in 2022 (mar sh. go bhféadfaí reifreann a ghairm le bonn bunreachtúil a chur faoi chearta fiadhúlra).
Ritheadh An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023 agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht, 2023 don tréimhse 2023-2030. Cuireadh dualgais ar gach aon fhoras poiblí sa Stát gníomhú dá réir, lena n-áirítear Bord Iascaigh Mhara, Bord na Móna agus na húdaráis áitiúla. Tá ar gach údarás áitiúil plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. Cuireadh acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Bithéagsúlacht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.