Bhí Erwin Johannes Eugen Rommel (rugadh 15 Samhain 1891 agus d'éag 14 Deireadh Fómhair 1944) ina cheannasaí ar an arm Gearmánach i rith an Dara Cogadh Domhanda.
Thóg sé páirt in san Chéad Chogadh Domhanda.
Bhain Rommel an cháil is mó amach mar cheannasaí ar an arm Gearmánach a throid in aghaidh na Sasanaí san fhásach i dtuaisceart na hAfraice. De bharr a dul chun chinn in aghaidh Montgomery, an ceannaire Sasanach, ghlaodh "Sionnach an Fhásaigh" air. (Gearmáinis: Der Wüstenfuchs). Faoi dheireadh bualadh é ag cath El Alamain.
D'fhill sé ar an Ghearmáin ach bhí amhras ar na Naitsithe go raibh sé bainteach leis an iarracht Adolf Hitler a mharú sa chomhcheilg ar an 20 Iúil 1944.
Chuir Rommel lámh ina bhás fhéin tar éis brú millteanach air ó na Naitsithe. D'fhéach Rommel le Hitler a mharú, is cosúil. Bhí na SS ar tí Rommel a dhúnmharú. Ach b’fhearr le Rommel lámh a chur ina bhás fhéin. Níor dhúirt duine ar bith focal faoi agus adhlacadh Rommel le chuile onóir.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Erwin Rommel, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.