Ainmhí feoiliteach is ea an sionnach nó an madra rua (madadh rua/mada rua uaireanta).
Tá beagnach 40 speiceas ann i ngéinis éagsúla taobh istigh den fhine Canidae.
Ní grúpa tacsanomaíochta iad na sionnaigh. Tá 12 speiceas sa ghéineas Vulpes — na “fíorshionnaigh”, ach tá ar a laghad 25 speiceas eile (beo nó díofa) a dtugtar “sionnach” orthu. Mar shampla:
Níl aon sanasaíocht shásúil ar an bhfocal sionnach.
Bíonn dathanna éagsúla ar na madraí rua, idir buí éadrom agus donn trom rua, agus dath bán nó éadrom ar a mbolg agus ar uile. Bíonn eireaball sionnaigh fada, tiubh, agus mothallach, agus bior bán air de ghnáth. Bíonn na cluasa sách fada agus biorach.
De réir taighde de chuid Ollscoil Hull sa bhliain 2023, tá madaidh rua sna cathracha níos misniúla ná madaidh rua faoin tuath, ach ní hé go bhfuil siad níos cliste. Chuir na heolaithe puzail do mhadaidh rua ar 104 suíomh i bpáirceanna, i ngairdíní cúil, agus sna coillte ar feadh coicíse agus bhí ar na madaidh rua úsáid a bhaint as meicníocht shimplí chun teacht ar an bhia taobh istigh. Bhí na madaidh rua sna cathracha ní ba shásta teagmháil a dhéanamh leis na puzail. Faoi dheireadh, níor éirigh le níos mó ná 12 madadh rua an bia a fháil óna bpuzail - ach nuair a fágadh an bia ar an talamh gan puzal, ní raibh drogall ar shionnach ar bith an bia a ithe, beag beann ar cá háit a raibh siad.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Sionnach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.