Is é Cumann Peile na hÉireann (Football Association of Ireland as Béarla nó FAI) an eagraíocht a rialaíonn peile i bPoblacht na hÉireann.
Tharla scoilt idir an IFA, lena gceannáras i mBéal Feirste agus na clubanna sacair i Saorstát Éireann i 1921. Ba é John Delaney príomhoifigeach feidhmiúcháin an Chumann Peile na hÉireann ó 2004 go 2019.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | association football federation (en) |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1921 |
Gníomhaíocht | |
Spórt | sacar |
Tír spóirt | Éire |
Ball de | FIFA (1923–) UEFA (1958–) |
Cód tíre FIFA | IRL |
Rialachas corparáideach | |
Príomhchóitseálaí | Martin O'Neill |
Máthaireagraíocht | UEFA |
Úinéir de | Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann League of Ireland XI (en) Republic of Ireland national under-23 football team (en) Republic of Ireland national under-19 football team (en) Republic of Ireland national under-20 football team (en) Republic of Ireland B national football team (en) Republic of Ireland national under-21 football team (en) Republic of Ireland national under-17 football team (en) Foireann sacair ban Phoblacht na hÉireann Republic of Ireland national beach soccer team (en) |
Suíomh gréasáin | fai.ie |
Tá peil (nó sacar) ar cheann de na spóirt is sine ar domhan. Tá aon imreoir déag ar an bhfoireann peile. Tá cúl báire amháin ann. De ghnáth bíonn ceathrar cosantóirí, ceathrar imreoir lár páirce, agus beirt tosaithe. Tá seacht n-ionadach ar an binse na n-ionadaithe i ngach cluiche. Is féidir le gach foireann trí ionadach a ainmniú i ngach cluiche. Tá réiteoir amháin beirt agus maor líne i ngach cluiche. Maireann cluichí peile nócha nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead a cúig nóiméad agus faigheann na himreoirí sos cúig nóiméad déag. De ghnáth bíonn an pháirc peile céad fiche slat ar fad agus tá sé seachtó cúig slat ar leithead.
Is é aidhm an chluiche cúil a scóráil. Chun cúl a scóráil caithfidh an liathróid a bheith os cionn na líne. Chun an cluiche a bhuachan caithfidh an fhoireann níos mó cúil a scóráil ná an fhoireann eile. De bharr seo faigheann siad trí phointe. Má thagann deireadh leis an gcluiche agus scóráil an dá fhoireann an líon céanna cúil, faigheann an dá fhoireann pointe amháin. Mura bhfuil aon cúil scóráilte sa chluiche ní fhaigheann siad aon phointí.
Bhunaigh clubanna i mBéal Feirste Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) sa bhliain 1880. Tar éis sin imríodh peil go príomha i dtuaisceart na hÉireann mar go raibh ceanncheathrú Chumann Sacair na hÉireann lonnaithe i mBéal Feirste. Bunaíodh an Cumann Peile Bhaile Átha Cliatha sa bhliain 1883. Chonacthas forbairt na peile nuair a bunaíodh an Cumann Peile Laighean sa bhliain 1892.
Ní raibh clubanna atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann sásta leis an mbainistíocht mar cheap siad go raibh an bhainistíocht i bhfabhar imreoirí ó thuaisceart na hÉireann. Tharla Éirí Amach na Cásca ag an am seo. De bharr sin bhí náisiúnachas Éireannach tábhachtach do go leor daoine agus thosaigh clubanna i ndeisceart na hÉireann ag éileamh níos mó ó Chumann Peile na hÉireann. Bhí díomá le feiceáil nuair a d’fhág trí chlub léig na hÉireann. D'fhág Club Peile Bóithéimeach (Béarla: Bohemians), Club Peile St James Gate agus Club Peile Shíol Bhroin (Béarla: Shelbourne) sraithchomórtas na hÉireann. Ach d’imir siad i gcomórtais coirn. D'imir an fhoireann Shíol Bhroin i gcoinne an fhoireann Bhéal Feirste i gcoirn Cumann Peile na hÉireann sa bhliain 1921. Cluiche cothrom a bhí ann agus shocraigh Cumann Sacair na hÉireann (Béarla: IFA) go ndéanfaí an cluiche a athimirt i mBéal Feirste arís. Dhiúltaigh an fhoireann Shíol Bhroin imirt i mBéal Feirste toisc go raibh siad ag iarraidh an cluiche a imirt i mBaile Átha Cliath. Shocraigh siad gan an cluiche a imirt arís agus chaill siad an cluiche. Tharla cruinniú ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an gcéad lá de Mheitheamh 1921 toisc nach raibh an Cumann Peile Laighean agus an Cumann Peile Mumhan sásta eis an mbainistíocht i mBéal Feirste lena gcinneadh faoin an cluiche a imirt arís i mBéal Feirst. Ag an gcruinniú seo scar clubanna i mBéal Feirste agus clubanna sa phoblacht toisc nach raibh siad in ann ceart a bhaint dá chéile agus bunaíodh Cumann Peile na hÉireann (Béarla: FAI). Tá na sé chontae is fiche de phoblacht na hÉireann faoi údarás Cumann Peile na hÉireann. Bunaíodh an eagraíocht seo chun cluiche peile in Éirinn a fheabhsú, a fhorbairt agus a spreagadh. Cosnaíonn an eagraíocht seo na baill agus an cluiche peile ó mhí-úsáid.
Tharla cruinniú ar siúl i halla Theach Laighean i mBaile Átha Cliath. Ag an gcruinniú seo bunaíodh sraith na hÉireann. Ba iad an fhoireann St James Gate an chéad fhoireann a bhuaigh an comórtas seo. Ar dtús bhí go leor deacrachtaí ag an eagraíocht tiosc nár grúpa peile aitheanta iad in Éirinn agus mar thoradh air sin ní raibh siad in ann imirt i gcluichí idirnáisiúnta. Sa bhliain 1923 chuir An Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair (Béarla: FIFA) fáilte roimh chumann peile na hÉireann mar bhaill oifigiúla. Sa bhliain 1926 ghlac Éire páirt i gcluichí agus i gcomórtais idirnáisiúnta. D’imir Éire an Iodáil dá gcéad chluiche idirnáisiúnta. Tharla an cluiche seo i gcathair san Iodáil agus chaill Éire an cluiche seo. Toisc go raibh dhá chumann peile in Éirinn bhí go leor mearbhaill ann maidir le cluichí idirnáisiúnta. Bhí conspóid ann mar chreid Cumann Sacair na hÉireann nach bhféadfadh Cumann Peile na hÉireann ach imreoirí as poblacht na hÉireann a roghnú le himirt ina gcluichí idirnáisiúnta. Ach phioc Cumann Sacair na hÉireann imreoirí ó phoblacht na hÉireann agus tuaisceart na hÉireann chun imirt ina gcluichí idirnáisiúnta. Mar thoradh air sin d’imir go leor imreoirí i gcluichí idirnáisiúnta d’fhoireann IFA agus d’fhoireann FAI araon.
Imríodh an chéad chluiche baile in Éirinn i mí Aibreáin sa bhliain 1927. Bhí suas le 20,000 ag an gcluiche i staid Bóthar Lansdún. D’imir Éire i gcoinne an Bheilg agus bhuaigh siad a gcéad chluiche sa bhliain 1928.
I measc chomhlachtaí comhairleacha Chumann Peile na hÉireann tá:
Tá an lógó 'Ireland' scríofa ar an suaitheantas. Tá dathanna an chlub (glas, bán agus oráiste) agus liathróid le feiceáil ar an suaitheantas freisin. Cuireadh an seamróg san áireamh i sean suaitheantais Chumann Peile na hÉireann.
Bhí an seancheanncheathrú lonnaithe ag 80 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. D'aistrigh an eagraíocht seo a cheanncheathrú sa bhliain 2007. Tá an cheanncheathrú nua lonnaithe san ionad spóirt náisiúnta i mBaile an Aba.
Bunaíodh Ionad oiliúna náisiúnta Chumann Peile na hÉireann sa bhliain 2015. Tá sé lonnaithe ar an gCampas Náisiúnta Spóirt. Tá cúig pháirc peile agus páirc uile-aimsire amháin ann.
D’imir an fhoireann Saorstát Éireann a gcéad chluiche baile i Páirc Cnocán Uí Dhálaigh ar an séú lá déag de mhí an Mheitheamh sa bhliain 1924. Bhuaigh siad an cluiche. D’imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa pháirc seo ochtó dhá uair. Thosaigh an fhoireann Phobhacht na hÉireann ag imirt sa staid Bóthar Lansdún toisc go raibh Páirc Cnocán Uí Dhálaigh róbheag. Imríodh an cluiche peile idirnáisiúnta deireanach sa Pháirc Cnocán Uí Dhálaigh an an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1990.
Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid Bóthar Lansdún i 1872. Bhí an staid lonnaite i nDroichead na Dothra, i mBaile Átha Cliath. Bhí áit sa staid do 49,000 duine. Tharla an chéad pheil idirnáisiúnta ar an seachtú lá déag de mhí an Mhárta sa bhliain 1900. D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne Sasana. Sa bhliain 1981, d’fhreastail 48,500 lucht leanúna ar chluiche idirnáisiúnta ag an staid. Ba é an tinreamh peile ba mhó. Leagadh an staid sa bhliain 2007 agus tógadh Staid Aviva ina áit.
D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann sa staid seo nuair a bhí an Staid Aviva á thógáil. Tharla an chéad chluiche peile sa staid seo ar an gceathrú lá is fiche de mhí an Mhárta sa bhliain 2007. D'imir Éire i gcoinne An Bhreatain Bheag i gCraobhchomórtais na hEorpa.
Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010. Is staid idirnáisiúnta spóirt é. Tá áit sa staid do 51,700 duine. Imríonn foireann Peile na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann cluichí baile sa staid seo. Bíonn ceolchoirmeacha ar siúl sa staid seo freisin. Imríodh an chéad chluiche peile ar an Máirt, an ceathrú de Lúnasa sa bhliain 2010. D'imir an fhoireann Manchain Aontaithe i gcoinne foireann sraithe. Bhí an chéad chluiche peile idirnáisiúnta ar siúl Dé Céadaoin an t-aonú lá déag de Lúnasa sa bhliain 2010. D'imir an fhoireann Phoblacht na hÉireann i gcoinne An Airgintín.
Is é Seamus Coleman captaen na foirne. Tá seacht n-imreoir is fiche ag fhoireann Sacair Phoblacht na hÉireann.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cumann Peile na hÉireann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.