Is é Cumann Rugbaí na hÉireann (Irish Rugby Football Union nó IRFU as Béarla) an eagraíocht a rialaíonn rugbaí in Éirinn - Poblacht agus Tuaisceart.
Tá ceannoifig Chumann Rugbaí na hÉireann lonnaithe ag 10/12 Bóthar Lansdún, Droichead na Dothra i mBaile Átha Cliath.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | rugby union governing body (en) Éire | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghaeilge agus Béarla | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1879 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | Rugbaí Aontais | ||||
Limistéar oibriúcháin | Éire | ||||
Tír spóirt | Éire | ||||
Ball de | World Rugby (en) (1886–) Rugby Europe (1999–) | ||||
Trealamh | Canterbury of New Zealand (en) | ||||
Ballraíocht | 60,000 (2020) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Uimhir teileafón | +353-1-647-3800 | ||||
Suíomh gréasáin | irishrugby.ie | ||||
Is cluiche fisiciúil an rugbaí. Tá an-tóir ar rugbaí in Éirinn. Maireann cluichí rugbaí ochtó nóiméad agus tarlaíonn an sos leath ama tar éis daichead nóiméad. Tá cúig imreoir déag ar fhoireann rugbaí. Tá seacht n-ionadach ar fáil gach cluiche. Caithfidh an fhoireann na pointí is mó a scóráil chun an cluiche a bhuachan. Tá an pháirc rugbaí 100 méadar agus tá sé seachtó mhéadar ar leithead. Is féidir pointí a scóráil ceithre bhealach éagsúla:
Bunaíodh an chéad Chlub Peile Rugbaí in Éirinn sa bhliain 1854. Is é Club Peile Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Béarla: Dublin University Football Club) an t-ainm agus bunaíodh é i gColáiste na Tríonóide. D'fhoghlaim mic léinn ón ollscoil seo faoi rugbaí den chéad uair má d’fhreastail siad ar scoileanna poiblí Béarla. Bunaíodh ocht bhfoireann rugbaí eile sa 19ú haois.
Ó 1874 go 1879 bhí dhá chumainn rugbaí in Éirinn. Bhí Cumann Peile na hÉireann i gceannas ar chlubanna i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan agus cuid den gCúige Uladh. Bhí Cumann Peile Thuaisceart na hÉireann i gceannas ar chlubanna i mBéal Feirste.
Imríodh an chéad chluiche idirnáisiúnta in Éirinn i gcoinne Shasana ar 19 Feabhra 1875. Bhí dhá imreoir déag as Cúige Laighean agus ochtar imreoirí as Cúige Uladh ar an bhfoireann.
Sa bhliain 1879, tugadh na cumainn i gceann a chéile in aon chumann amháin agus bunaíodh Cumann Rugbaí na hÉireann ar an cúigiú lá de mhí Feabhra sa bhliain 1879. Ag an am seo, chuaigh Cúige Uladh, Cúige Laighean agus Cúige Mumhan isteach i gCumann rugbaí na hÉireann.
Bhí an cruinniú seo ar siúl i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ag an gcruinniú seo bhí W.C. Neville, J.G. Cronyn agus W.J. Goulding i láthair. Is duine tábhachtach é W.C Neville mar bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann agus níos déanaí toghadh ina huachtarán ar an gCumann Rugbaí na hÉireann.
Ag an gcruinniú tháinig an dá chumann ar chomhaontú. De réir théarmaí an chomhaontaithe:
Sa bhliain 1885, chuaigh sé fhoireann is fiche (as gach cearn d'Éirinn) isteach i gCumann Rugbaí na hÉireann. Tháinig deich bhfoireann as Cúige Uladh. Tháinig naoi bhfoireann as Cúige Laighean. Tháinig seacht bhfoireann as Cúige Mumhan. Bunaíodh an fhoireann Chonnacht sa bhliain 1885.
Tá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar gach club rugbaí in Éirinn. Ba é Diúc Abercorn an chéad Uachatarán an chumainn sa bhliain 1874.
Bhunaigh Henry Wallace Doveton Dunlop an staid sa bhliain 1872. Bhí an staid suite i nDroichead na Dothra, Baile Átha Cliath. Ba é an staid idirnáisiúnta is sine ar domhan é. Imríodh comórtais spóirt éagsúla sa staid seo. Tharla an chéad chluiche rugbaí sa bhliain 1876. D’imir foireann Laighean agus foireann Uladh sa chluiche seo.
D'imir Éire i gCorn an Domhain sa Rugbaí den chéad uair sa bhliain 1991. Leagadh an staid sa bhliain 2007. Cuireadh Staid Aviva in ionad Staid Bóthar Lansdún.
Tógadh Staid Aviva sa bhliain 2010. Tá áit sa staid do 50,000 duine. Tá an staid faoi chomhúinéireacht ag Cumann Rugbaí na hÉireann agus ag Cumann Peile na hÉireann. Is staid idirnáisiúnta é. Imríonn foireann sacair na hÉireann agus foireann rugbaí na hÉireann sa staid seo. Imríodh an chéad chluiche rugbaí sa staid ar an Satharn, an seachtú lá de Lúnasa sa bhliain 2010. D'imir imreoirí as Cúige Laighean agus Cúige Ulaidh i gcoinne imreoirí as Cúige Chonnacht agus Cúige Mumhan. Imríonn Club Peile Lansdún agus Club Peiile Wanderers sa staid Aviva freisin.
Tá údarás ag Cumann Rugbaí na hÉireann ar Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach agus ar Pháirc Cnoc an Fhéich i mBéal Feirste.
Úsáideadh an sean-lógó chun rugbaí na hÉireann a léiriú ar feadh 134 bliana. Sa bhliain 2009, rinne Cumann Rugbaí na hÉireann lógó nua. Tá cosúlachtaí áirithe eatarthu mar bhí trí seamróga agus liathróid rugbaí le feiceáil ar an dá lógó. Tá an lógó nua i bhfad níos nua-aimseartha ach ag an am céanna, tá béim mhór ar stair na hÉireann agus ar fhéiniúlacht Cumann Rugbaí na hÉireann.
Is bratach ghlas é. Tá tábhacht shiombalach ag baint leis an mbratach mar tá suaitheantais na gceithre chúige ar an mbratach. Tá an lógó "IRFU" scríofa ar an mbratach freisin.
Tá dhá amhrán náisiúnta rugbaí ann. Is é Amhrán na bhFiann an t-amhrán náisiúnta oifigiúil. Ní sheinntear an t-amhrán seo ach ag cluichí baile. Ceiliúrann an t-amhrán seo neamhspleáchas na hÉireann ón mBreatain. Mar thoradh tá a lán teannas ag baint leis an amhrán seo. De bharr, shocraigh Cumann Rugbaí na hÉireann amhrán nua a chruthú. Scríobh Phil Coulter amhrán nua 'Ireland's Call' sa bhliain 1995. Cantar é ag cluichí sa bhaile agus as baile.
Tá timpeall 60,000 imreoirí rugbaí in Éirinn. Tá caoga a naoi gclub i gCúige Mumhan. Tá naoi gclub déag i gCúige Chonnacht. Tá seachtó a haon club i gCúige Laighean. Tá caoga a sé club i gCúige Uladh.
Bunaíodh an fhoireann sa bhliain 1875. Tá tríocha sé imreoirí ar scuad rugbaí na hÉireann.
Bunaíodh an fhoireann seo sa bhliain 2006. Tá an fhoireann seo comhdhéanta d’imreoirí rugbaí níos sine ó chlubanna éagsúla rugbaí na hÉireann. D’imir siad a gcéad chluiche i gcoinne club Albanach.
Bunaíodh é sa bhliain 1885, nuair a tháinig sé chlub níos lú le chéile chun an fhoireann Chonnacht a bhunú. Tá an fhoireann shinsearach cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann. Is é Willie Ruane Príomhfheidhmeannach an chlub. Is é Ted Carty Uachtarán an chlub. Imríonn siad i bPáirc imeartha. Tá áit sa staid do 7,500 duine. Tá an club bunaithe i nGaillimh.
Bunaíodh é sa bhliain 1879. Tá an fhoireann cúige seo mar chuid de Chumann Rugbaí na hÉireann. Imríonn siad sa staid Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. (Béarla RDS Arena). Tá áit sa staid do 18,500 duine.
Bunaíodh é sa bhliain 1879. Tá foireann Uladh ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann. Imríonn siad sa staid Kingspan i mBéal Feirste. Tá áit sa staid do 18,000 duine.
Bunaíodh é sa bhliain 1879. Tá foireann Mumhan ar cheann de na ceithre fhoireann cúige de Chumann Rugbaí na hÉireann. Imríonn siad sa staid rugbaí Pháirc Thuamhan i gcontae Luimneach. (Béarla: Thomond Park) Tá áit sa staid do 25,600 duine.
Bunaíodh Iontaobhas Carthanachta Chumann Rugbaí na hÉireann sa bhliain 1978. Bunaíodh é chun cabhrú le himreoirí rugbaí gortaithe. Faoi láthair tá tríocha hocht imreoir rugbaí le gortuithe a athraíonn a saol. Tá gortuithe inchinne nó gortuithe dromlaigh ag na himreoirí seo. Díríonn an charthanacht seo ar chabhrú leis na himreoirí seo. Cuireann sé tacaíocht mhorálta agus tacaíocht airgid ar fáil do na himreoirí.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cumann Rugbaí na hÉireann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.