Cúrsaí Spóirt In Éirinn

Tá áit thábhachtach ag an spórt in Éirinn.

Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh, na Cluichí Gaelacha. Is é Cumann Lúthchleas Gael an eagraíocht atá i gceannas ar na cluichí seo in Éirinn. Tá suim ag go leor daoine sa sacar. Chomh maith leis sin, tá galf, snúcar agus rugbaí coitianta freisin. Imríonn foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann (agus IRFU) ar son an oileáin ar fad i gComórtas na Sé Náisiún.

Na Cluichí Gaelacha

Cúrsaí Spóirt In Éirinn 
Páirc an Chrócaigh: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann sa bhliain 2005.

Tá tábhacht ar leith in Éirinn leis na cluichí Galaacha, agus is iad Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann Peile na mBan a d'fhorbair, agus a reachtálann fós, traenáil agus comórtais i gcluichí na nGael. Ina measc siúd tá an pheil Ghaelach, iomáint agus camógaíocht agus liathróid láimhe. Ní íoctar na traenáilithe nó na himreoirí go hiondúil ach mar sin féin eiríonn le lúthchleasaithe agus imreoirí spóirt na tíre ardchaighdeán a bhaint amach sna cluichí dúchasacha. Bíonn Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl sa Ghaeltacht gach bliain. Imrítear 'corr' go hiondúil i measc na n-óg in Éirinn, ach ní mórán eagair a chuirtear air. Is spórt ársa é an An Bol Bóthair chomh maith a imrítear in áiteanna áirithe in Éirinn.

Rugbaí

Imrítear an rugbaí go coitianta in Éirinn. Imríonn foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann i gComórtas na Sé Náisiún. Imríonn na cúigí i Sraith RaboDirect PRO12 agus i gCorn na hEorpa.

Sacar

Tá an sacar ar na spóirt is coitianta in Éirinn. Tá sacar na mban tagtha ar aghaidh go mór le roinnt blianta anuas. Tá an spórt ag dul ó neart go neart an t-am ar fad.

Spóirt eile

Cúrsaí Spóirt In Éirinn 
Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann ag imirt i gcoinne na Seoirsia (2007)

Tá go leor cluichí foirne ann, agus imrítear an chuid is mó acu áit éigin in Éirinn. Ar na cluichí is tábhachtaí tá sacar, rugbaí, cispheil, leadóg, hacaí, hacaí oighir, cricéad, cluiche corr, daorchluiche, peil Astrálach, peil Mheiriceánach agus peil Cheanada atá gaolta leis, lacrosse agus liathróid láimhe.

Tags:

Cúrsaí Spóirt In Éirinn Na Cluichí GaelachaCúrsaí Spóirt In Éirinn RugbaíCúrsaí Spóirt In Éirinn SacarCúrsaí Spóirt In Éirinn Spóirt eileCúrsaí Spóirt In ÉirinnCluichí GaelachaComórtas na Sé NáisiúnCumann Lúthchleas GaelCumann Rugbaí na hÉireannFoireann náisiúnta rugbaí na hÉireannGalfRugbaíSacarSnúcarÉire

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Innealtóireacht leictreachBuirg Londan Tower HamletsIarmhairt cheaptha teasaPaitinnComhdháil na Stát Aontaithe56The Voice (séasúr 21 na SA)Bridgetown8Instealladh1975ApsaintAn Cailín Ciúin (scannán)An tSeicisFTP1957MúsaemBlagSinn FéinAlastar MórOla róisVMatamaiticeoirCompásÉillitheachtAmerican Idol (sraith 15)5SolasBéal na BláMary SwanzyNua-Eabhrac (stát)ASCII27 SamhainUgandaMeáchanTuaisceart ÉireannThe Voice (séasúr 11 na SA)Íbis bheannaitheOráiste (toradh)Sergei Prokofiev30 Aibreán14 FeabhraTuairisc1993Éadbhard III ShasanaGlámh dícheannMünchenNeamh-chomhfhoirmeacht HuttonNuala Ní Dhomhnaill1SalvadorCeit FhoirbeisSacarCeol4 SamhainCláidiasSeoladh IPNeipealAn AirgintínQMichael JacksonJoshua ClotteyLeabharchoimeádSaillOiriúnú (sochaí)EuroLeabhar Uí MhaineLéachtóirEalbha1327Ludwig WittgensteinApiaMuintir na hÉireannLuasghéarúAn AirméinInstagramAn tSeicslóvaic2🡆 More