Leadóg

Cineál spóirt í an leadóg ina bhfuil beirt imreoirí nó dhá fhoireann (beirt imreoirí ar aon fhoireann amháin) ag bualadh na liathróide thar líon taobh istigh den chúirt imeartha.

Infotaula d'esportLeadóg
Leadóg
Cineálcluiche liathróide, spórt raicéid agus spórt oilimpeach
Cruthú1 Lúnasa 1882
Tír dhúchaisSasana
Líon íosta imreoirí2
Líon uasta imreoirí4
Leadóg
Cúirt leadóige

An cluiche

Mura n-éiríonn le himreoir an liathróid a chur thar an líon isteach i leathchúirt an fhreasúra, caillfidh sé/sí an pointe. An fhoireann is mó a scórálfaidh pointí, is léi a bheidh an bua. Úsáidtear raicéid leis an liathróid bheag a bhualadh. Imrítear leadóg ar cheithre dhromchla - crua, cré, féar agus cairpéad.

Na comórtais

Bíonn ceithre phríomh-chomórtas leadóige, (comórtais Grand Slam) ar siúl gach bliain - an Australian Open san Astráil (cúirteanna crua), an Tournoi de Roland-Garros sa Fhrainc (cúirteanna cré), The Championships, Wimbledon i Londain, Sasana (cúirteanna féir), agus an US Open i Meiriceá (cúirteanna crua).

Is spórt Oilimpeach í an leadóg freisin.

Comórtas Wimbledon

Tá cáil mhór ar an gcomórtas leadóige a imrítear ar chúirt Wimbledon chuile Shamhradh. Téann na himreoirí móra cáiliúla ar fad go Sasana le páirt a ghlacadh sa gcomórtas seo agus is éacht ann féin é an chraobh a thabhairt leat i Wimbledon. Is iomaí imreoir clúiteach a cuireadh dá gcos sa gcomórtas agus is minic go mbíonn sé fíor-dheacair breithiúnas a thabhairt ar an mbuaiteoir. Téann maithe agus móruaisle chuig na comórtais. Caitear na milliúin ar chúltaca galánta, hataí péacógacha agus spéaclaí gréine. Itear neart sú talún agus uachtar. Má theastaíonn uait freastal ar an ócáid mhór seo ní mhór duit do dheis a thapú go luath agus ticéad a chur in áirithe, ach glac leis go mbeidh lán ladhair le hioc agat ar an ticéad. Craoltar an ócáid ar TG4 agus BBC chuile bhliain.

Stair

Is seanspórt í an fíor-leadóg, a bhí á himirt san Eoraip i rith na Meánaoise, ach ba iad na Sasanaigh a chuir tús leis an gcluiche nua-aimseartha sa naoú haois déag. Sa bhliain 1877 a cuireadh tús le craobh Wimbledon. Thosaigh an National Lawn Tennis Championship (US Open) i Newport, Rhode Island, sa bhliain 1881, craobh Roland Garros sa bhliain 1891 agus an Australian Open sa bhliain 1905.

Tagairtí

Tags:

Leadóg An cluicheLeadóg Na comórtaisLeadóg StairLeadóg TagairtíLeadóg

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Na hOileáin FhilipíneachaLet It BeIriseoireachtIonad aclaíochtaGormThe People of the State of New York v. Donald J. TrumpVicipéidSéarlas IIIQAn GhaeltachtKanye WestCainteoir deireanach na CoirniseSewall WrightTeasMediaWikiEarcailCeirtlisCágBuamáil Bishopsgate (1993)PríomhleathanachAn OstairStair lucht LADT in ÉirinnNaomh PádraigLitríochtFolláine cholainneÉisteolaíochtTalamhGuildford FourCros DomhnaighWilliam OrpenLeabharlann Náisiúnta na hAlbanPriontaíochtAudrey HepburnTeicneolaíochtDelbnaCeol damhsa leictreonachCorcaighMoslamachPluaisSweet but PsychoCroissantCarraigínDon GibsonBusanAirgeadasCú ChulainnBogearraí saoraRollmopsPoileistearHenri GiffardOibreán FlannbhuíTeangaToilleoir (leictreonaic)An Drúcht Geal Ceo (The Foggy Dew)SuncaireBreoslaPlátaMeitibileachtCaipitleachasOrlando BloomMeitreo Mhoscó2019Tubaiste StardustGnóthaí poiblíDúlraEolaíocht nádúrthaNuachoimeádachasGrian-amGrian1926IseatópCoca-Cola🡆 More