Labhraíonn 10–12 milliún duine Criól Háítí (kreyòl ayisyen, ; Fraincis: créole haïtien, ) ar fud an domhain, ceann den dá theanga oifigiúla i Háítí (is é an Fhraincis an dara ceann), áit a labhraítear an chuid is mó den phobal é mar theanga dhúchais.
Kreyòl ayisyen | |
---|---|
Cineál | fásteanga, teanga nádúrtha, teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 9,600,000 (2007) |
Dúchasach do | Háítí |
Stáit | Háítí |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna pidsean nó criól crióil bunaithe ar an bhFraincis Caribbean French Creole languages (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Akademi Kreyòl Ayisyen |
Cóid | |
ISO 639-1 | ht |
ISO 639-2 | hat |
ISO 639-3 | hat |
Glottolog | hait1244 |
Ethnologue | hat |
ASCL | 9101 |
IETF | ht |
D'eascair an teanga ó theagmháil idir coilínigh Fhrancacha agus sclábhaithe Afracacha le linn thrádáil sclábhaithe an Atlantaigh sa choilíneacht Fhrancach Saint-Domingue (Háítí anois) sa 17ú agus 18ú haois. Cé go dtagann an chuid is mó dá stór focal ó Fhraincis na 18ú haoise, baineann an ghramadach le brainse teangacha Volta-Congó san Afraic Thiar, go háirithe an Fhonais agus an Íogbóis. D'imir teangacha eile tionchar air freisin; Spáinnis, Béarla, Portaingéilis, Taino, agus teangacha eile de chuid Iarthar na hAfraice san áireamh. Cé gur eascair sé ón bhFraincis, tá a ghramadach féin ag Criól Háítí, agus ní féidir le cainteoirí Fraincise caighdeánaí an teanga labhartha a thuiscint. Creidtear gurb iad na Háítígh an pobal is mó ar domhan a labhraíonn criól, cé gur féidir cás a dhéanamh ar son Phidsean na Nigéire, criól bunaithe ar an mBéarla, go háirithe má chuirtear cainteoirí neamhdhúchasacha san áireamh.
Tá úsáid Chríol Háítí, agus oideachas trí mheán na teanga, ina cnámh spairne chomh fada siar leis an 19ú haois. Creidtear daoine áirithe i Háítí gur cuid d'oidhreacht an choilíneachais é an teanga, agus caitear Frainciseoirí anuas air mar Fhraincis a labhraíonn daoine gan oideachas. Go dtí deireadh na 20ú haoise, níor labhair uachtaráin Háítí ach Fraincis chaighdeánach lena gcomhshaoránaigh, agus go dtí an 21ú haois, bhí an teagasc go léir i mbunscoileanna Háítí trí mheán na Fraincise caighdeánaí, an dara teanga ag formhór na ndaltaí.
Labhraítear Criól Háítí in áiteanna éagsúla a bhfuil pobal mór eisimirceach ó Háítí iontu: oileáin eile i Muir Chairib, Guáin na Fraince, an Fhrainc, Ceanada (go háirithe Québec) agus na Stáit Aontaithe. Tá gaol aige le Criól na nAintillí a labhraítear sna Mion-Aintillí agus le crióil eile atá bunaithe ar an bhFraincis.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Criól Háítí, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.