Nuair a nascann dhá núicléas bheaga le chéile chun núicléas níos mó a dhéanamh,sin comhleá núicléach.
Scaoiltear fuinneamh núicléach amach as núicléas nuair a chomhleáitear dhá núicléón nó dhá núicléas bheaga (mar shampla núicléas de dheoitéiriaim is núicléas de thritiam, dhá iseatóp hidrigine) le chéile chun núicléas níos mó a chruthú. Athrú maise chuig fuinneamh is bun leis an gcruthú fuinnimh seo.
Chun comhleá a chur chun cinn, ní mór na núicléis bheaga atá araon luchtaithe go dearfach a bhrú chomh gar sin dá chéile go sáraítear a gcomhéaradh. Imoibriú comhleáite is bun le teas na Gréine is na réaltaí eile, agus an radaíocht go léir a astaíonn siad.
Cruthaítear teocht ard go leor chun gur féidir an comhleá a dhéanamh i bpléascán núicléach eamhnaithe. Mar sin, sna H-bhuamaí, is amhlaidh a bhíonn pléasc bheag eamhnaithe a chruthaíonn an ardteocht chun pléasc comhleáite a mhadhmadh.
I dtíortha ar fud an domhain, táthar ag iarraidh an t-imoibriú seo a chur ar siúl ar bhonn leanúnach stiúrtha chun an fuinneamh a fháil uaidh agus cumhacht leictreach a ghiniúint uaidh sin.
Ní théann an t-imoibriú ar aghaidh oiread ar fiú trácht air ach nuair a bhíonn teocht is brú fíorard i bhfeidhm. Níl sé éasca ná saor na coinníollacha seo a chomhlíonadh.
Dhá phríomh-mhodh atá á bhforbairt is á dtástáilː
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Comhleá núicléach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.