Canúint de chuid na hAramaise is ea an tSiricis a bhí á labhairt ar fud an Chorráin Mhéith, tráth.
Bhí an tSiricis Chlasaiceach á saothrú mar theanga liteartha ón 4ú go dtí an 8ú haois, agus í ina teanga thábhachtach ag na luath-Chríostaithe sa scríbhneoireacht chráifeach agus sna haistriúcháin ar an mBíobla, Chuaigh an tSiricis a fhad leis an India agus le hiarthar na Síne mar theanga Chríostaí. Ghéill an tSiricis don Araibis ón ochtú haois ar aghaidh, ach má ghéill féin, d’fhág sí a lorg ar chaighdeán scríofa na hAraibise. Is í an aibítir a úsáideann an teanga seo ná an aibítir Shiriceach, agus í bunaithe ar an aibítir Aramach.
ܠܫܢܐ ܣܘܪܝܝܐ | |
---|---|
Cineál | teanga, teanga naofa agus teanga stairiúil |
Úsáid | |
Dúchasach do | Şanlıurfa Province (en) |
Stáit | an Tuirc |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Afra-Áiseacha teangacha Seimíteacha West Semitic (en) Central Semitic (en) Northwest Semitic (en) An Aramais | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Syriac (en) agus Estrangela (en) |
Staidéar ag | Syriac studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-2 | syc |
ISO 639-3 | syc |
Glottolog | clas1252 |
Ethnologue | syc |
IETF | syc |
Inniu féin, tá eaglaisí beaga Críostaí san Áise a shaothraíonn an tSiricis mar theanga naofa.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An tSiricis, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.