Is í an Chorsaic (Corsaicis: Corsica, Fraincis: Corse) an ceathrú hoileán is mó sa Mheánmhuir (i ndiaidh na Sicile, an tSairdín agus na Cipire).
Tá sí suite amuigh ó chósta thoir na hIodáile agus thoir theas ón Fhrainc, agus taobh ó thuaidh d'oileán na Sardíne.
An Chorsaic | |||||
---|---|---|---|---|---|
Corsica (co) | |||||
| |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach | ||||
Príomhchathair | Ajaccio | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 347,597 (2021) | ||||
• Dlús | 40.05 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Chorsaicis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | zone de défense et de sécurité Sud (fr) | ||||
Achar dromchla | 8,680 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mheánmhuir | ||||
Pointe is airde | Monte Cinto (en) (2,706 m) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 11 Eanáir 1970 | ||||
Éarlamh | Divota | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Executive Council of Corsica (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól na Corsaice | ||||
• Ceannaire an rialtais | Gilles Simeoni (en) (2015–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | FR-20R, FR-H agus FR-COR | ||||
Cód NUTS | FR83 | ||||
Cód réigiúin INSEE | 94 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | isula.corsica | ||||
Bhí 339,000 duine ina gcónaí ar an oileán sa bhliain 2019. Is iad Ajaccio agus Bastia an dá chathair is mó san oileán.
Rugadh Napoleon Bonaparte ann sa bhliain 1769, i bpríomhchathair an oileáin, Ajaccio. An teach ina raibh a mhuintir ina chónaí san am, is é sin Maison Bonaparte, is músaem é inniu.
Is í an Fhraincis is mó a labhraítear san oileán inniu, ach tá a dteanga féin ag muintir na Corsaice, an Chorsaicis, cé nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag céatadán beag ag bunadh an oileáin inniu.
Is iad na canúintí úd Gallurese agus Sassarese i dTuaisceart na Sairdíne na teangacha is mó gaol leis an gCorsaicis, agus deir cuid de na teangeolaithe go bhfuil siad - an teanga Gallurese ach go háirithe - níos cóngaraí don Chorsaicis ná don tSairdínis.
Tá cosúlachtaí go leor idir cás na Gaeilge in Éirinn agus cás na Corsaicise sa gCorsaic.
Áirítear an Chorsaic ar réigiún de chuid na Fraince, cé gurb é an stádas atá ag an oileán sa dlí ná collectivité territoriale, is é sin, "tiomsaitheacht chríche". Ciallaíonn sin mar shampla go bhfuil "dáil" nó "parlaimint" na Corsaice, an Assamblea di Corsica, níos cumhachtaí ná mar a bhíonn na tionóil réigiúnacha sa Fhrainc de ghnáth. Náisiúnaithe den uile chineál is ea formhór na bhfeisirí i dTionól na Corsaice. Tá stádas theanga na Corsaicise ar cheann de na ceisteanna móra atá ag déanamh imní dóibh, chomh maith le talamh a bheith á cheannach ar an mórchóir ag eachtrannaigh. Thug Stát na Fraince cluas bhodhar nó alabhodhar riamh dóibh, áfach, i dtaca leis an dá cheist seo. Chuaigh roinnt náisiúnaithe i muinín an fhornirt ag amanna éagsúla ó na 1950í, tráth a fuair go leor tíortha eile neamhspleáchas ón bhFrainc, ach cur chuige éadairbheach a bhí riamh ann.
Sna blianta 1975-2018 bhí an t-oileán roinnte ina dhá chúige, mar atá, Haute-Corse ("Uachtar na Corsaice") agus Corse-du-Sud ("Corsaic Theas"), agus ba í Bastia príomhchathair Haute-Corse.
Tháinig deireadh leis an deighilt seo sa bhliain 2018, áfach, agus is aon aonad riaracháin amháin é an t-oileán arís.
Sa bhliain 2023 i dTionól na Corsaice in Aiaccu, bhí sé molta ag Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron "saghas éigin neamhspleáchais" a lamháil don Chorsaic, ach gur chuid den Fhrainc a bheadh sa Chorsaic i gcónaí faoin "saghas éigin neamhspleáchais" a bhí i gceist aige. D'iarr an tUachtarán Macron ar pholaiteoirí sa Chorsaic agus i Rialtas na Fraince dlí nua a dhréachtú i gcomhar le chéile le dúil stádas bunreachtúil na Corsaice a leasú.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article An Chorsaic, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.