Ileolaí Iodálach ab ea Leonardo da Vinci (15 Aibreán, 1452 – 2 Bealtaine, 1519), a bhí ina eolaí, matamaiticeoir, innealtóir, cumadóir, eolaí anatamaíochta, péintéir, dealbhóir, ailtire, luibheolaí, ceoltóir agus scríbhneoir.
Is beag duine i stair an domhain a bhí chomh cumasach leis. Ba dhuine é a bhí ‘i bhfad roimh a am’ gan amhras.
Bíodh nach raibh a shaothar ealaíonta chomh líonmhar, bhain sé clú domhanda amach mar sin féin. Ar a shaothair is mó clú tá An Suipéar Déanach agus An Mona Lisa.
Mac dlíodóra, rugadh é i gceantar Vinci i bhFlórans i 1452 (i sráidbhaile beag darbh ainm Vinci).
Níl mórán ar eolas againn faoina shaol nuair a bhí sé óg. Ach nuair a bhí sé 14 bliana d’aois, thosaigh sé ag obair i stiúideo an ealaíontóra Verrocchio. Nuair a chonaic Verrocchio cé chomh cumasach agus a bhí Da Vinci, shocraigh sé ar phictiúr a dhéanamh i gcomhpháirt leis. Battesimo di Cristo nó Baisteadh Chríost an t-ainm atá ar an phictiúr sin. D’fhan Da Vinci sa stiúideo ag Verrocchio ar feadh 7 mbliana agus is ansin a d’fhoghlaim sé cuid mhaith den cheird s’aige.
Chaith sé an chuid eile dá shaol ag obair le healaíontóirí clúiteacha eile agus bhí sé cairdiúil leis na daoine mór le rá fosta, an Pápa san áireamh.
Phéinteáil sé An Suipéar Deireanach, pictiúr an-chlúiteach eile dá chuid, sa bhliain 1498, le feiceáil inniu i ndánlann i Milano. Faoin bhliain 1518 bhí an pictiúr ag meath cheana féin, áfach. Faoi 1670, bhí drochbhail ar fad air. In 1726, rinneadh é a athchóiriú, rud a chuidigh go mór lena shábháil. Tháinig meath air arís i lár an 20ú haois agus, mar gheall air sin, cuireadh tús le hathchóiriú eile nár críochnaíodh go dtí 1999.
B'iad na Medici na pátrúin ba fhlaithiúla agus ab aithnidiúla timpeall an ama seo. Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós da Vinci chun cinn faoina gcoimirce.
Cúpla bliain i ndiaidh do Da Vinci An Suipéar Deireanach a phéinteáil, d’iarr fear saibhir air portráid dá bhean chéile a phéinteáil. An Mona Lisa a thugtar ar an phortráid sin agus tá sí ar an phortráid is cáiliúla dá chuid. Cuireann daoine spéis ar leith sa mheangadh bheag gáire atá ar aghaidh Mona Lisa a bhfuil mistéir éigin ag baint léi. Nuair a chuaigh Da Vinci chun na Fraince, bhronn sé an phortráid ar an tír sin agus is sa Louvre i bPáras atá sí anois.
Ba nós le Da Vinci rudaí a chruthú. D’fhág sé cuid mhór de na smaointe a bhí aige ina dhiaidh i scríbhinní.
Chuir da Vinci i gcuntas a shaothar taighde — i leabhair nóta, a bhí lán de nótaí inspéise agus de léaráidí gléineacha, a bhí scríofa ón dtaobh dheas go dtí an taobh chlé i scríbhinn léargais.
Mar shampla, sa bhliain 1500, fuair Leonardo da Vinci amach gur ghluais fuaim i bhfoirm thonnta.
Bhí anatamaíocht an choirp, fás an linbh sa bhroinn, dlíthe sruth, dlíthe eitilte, geolaíocht, fisic agus réalteolaíocht ar ábhair léinn an fhir iontach seo. Cheap sé paraisiút, inneall eitilte, agus fomhuireán chomh maith.
Nuair a bhí sé go fóill óg rinne Leonardo péintéireacht do dhuine saibhir, agus tugadh dornán maith airgid dó mar luach saothair. As go brách leis chun an mhargaidh chun éin bheaga i gcliabháin a cheannach. Thug sé leis iad go barr cnoic, is cosúil, d’oscail na cliabháin, agus lig saor na créatúir.
Níos déanaí rinne Leonardo staidéar cruinn ar eitilt na n-éan, agus bhí sé cinnte go mbeadh duine ábalta eitilt lá éigin. Tá léaráid de rud éigin a bhí iontach cosúil le héileacaptar ina chuid chartlainne. Níor cruthaíodh an héileacaptar go dtí 1936, ach bhí sé in intinn Da Vinci na céadta bliain roimhe sin.
Stróc a thug a bhás is cosúil. Ní raibh sé ach 67 bliain d'aois. Tá sé curtha i Château d'Amboise sa Loire.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Leonardo da Vinci, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.